Geert Wilders

Polaiteoir agus pobalóir de chuid na hÍsiltíre, i bhfad amach ar an eite deise, is ea Geert Wilders (a rugadh ar 6 Meán Fómhair 1963). Is Eoraisceipteach é Wilders atá i gcoinne na hinimirce agus nach gcreideann san athrú aeráide ach oiread.[1] Bhunaigh sé an PVV[2], 'Páirtí ar son na Saoirse' nó 'Party for Freedom', san Ísiltír in 2006, páirtí frith-inimirce, Ioslamafóibeach agus frith-Eorpach.[3]

Infotaula de personaGeert Wilders

(2014) Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith6 Meán Fómhair 1963
60 bliana d'aois
Venlo, An Ísiltír Cuir in eagar ar Wikidata
Member of the House of Representatives of the Netherlands (en) Aistrigh
22 Samhain 2006 –
Member of the House of Representatives of the Netherlands (en) Aistrigh
2 Meán Fómhair 2004 – 21 Samhain 2006
Member of the House of Representatives of the Netherlands (en) Aistrigh
26 Iúil 2002 – 1 Meán Fómhair 2004
Member of the House of Representatives of the Netherlands (en) Aistrigh
25 Lúnasa 1998 – 22 Bealtaine 2002
Municipal councillor of Utrecht (en) Aistrigh

1997 – 1998 Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Ainm cleiteScarlet Pimpernel Cuir in eagar ar Wikidata
Scoil a d'fhreastail sé/síOpen University of the Netherlands (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaitheAn Háig
Teanga dhúchaisan Ollainnis
Gníomhaíocht
Suíomh oibre An Háig Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmpolaiteoir, scríbhneoir scripte, stiúrthóir scannán Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaParty for Freedom (en) Aistrigh (2006–)
Páirtí an Phobail ar son na Saoirse agus an Daonlathais (–2004) Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ollainnis
Teaghlach
CéileKrisztina Wilders (1992–) Cuir in eagar ar Wikidata
AthairJohannes Henricus Andreas Wilders (en) Aistrigh  agus Maria Anne Ording (en) Aistrigh
SiblínPaul Wilders

Suíomh gréasáingeertwilders.nl Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm1770894 Facebook: geertwilders Twitter: geertwilderspvv Instagram: geertwilders Cuir in eagar ar Wikidata

Tá stíl ghruaige ar leith ar Wilders agus tugtar "fear na gruaige buí" air uaireanta, lena ghruaig leathfhada, daite fionn le sárocsaíd.[4]

2019

Tionchar

Ó 2006 ar aghaidh, bhí tionchar as cuimse ag Wilders agus a Pháirtí ar son na Saoirse ar pholaitíocht na hÍsiltíre.[5] Ar fhaitíos go gcaillfidís vótóirí a rachadh le gluaiseacht Wilders, bhog páirtithe na heite deise níos faide ar dheis, agus bhog páirtithe na heite clé i dtreo an láir. Páirtí "nuachoimeádach" an iar-phríomhaire Mark Rutte (idir 2010 agus 2023, ó am go ham), an VVD ba mhó a bhog i dtreo Wilders.[5]

Sa bhliain 2017, níor éirigh le Wilders an bua a fháil san olltoghchán.[5]

Ar 21 Samhain 2023, bhí bua mór ag PVV Geert Wilders san olltoghchán. Bhí ríméad ar pholaiteoirí na heite deise ar fud na hEorpa tar éis an olltoghcháin, agus an -tathrú mór i saol na polaitíochta san Ísiltír, dar leo. Chuir polaiteoirí ar nós Viktor Orban san Ungáir agus Marine Le Pen sa Fhrainc fáilte is fiche roimh na torthaí.[1] Ach bhí an-imní ar ghrúpaí Ioslamacha sa tír mar gheall ar an Ioslamafóibe a léirigh Wilders le roinnt blianta anuas. Agus 37 as 150 suíochán ag pháirtí Wilders, is ar éigean go n-éireoidh leis an PVV agus páirtithe na heite deise agus an láir comhrialtas a chur le chéile eatarthu féin.[6] Bhí sé ráite ag ceannairí fhormhór mór na bpáirtithe eile nach go rachaidh siad i gcomhrialtas leis.

Féach freisin

Tagairtí

🔥 Top keywords: