Gertrude Elion
Bithcheimicí a rugadh i gCathair Nua-Eabhrac ab ea Gertrude Belle Elion (23 Eanáir 1918 – 21 Feabhra 1999). Chomhoibrigh sí le George Hitchins do chomhlacht Burroughs Wellcome i bhforbairt drugaí iomadúla chun an fhreagairt imdhíonach a rialú in ionchlannú, agus sintéis DNA a mhoilliú le hailse a smachtú is galair eile—leoicéime, maláire, gúta, clocha duáin, is heirpéas ina measc — a chloí. Roinn an bheirt Duais Nobel na Fiseolaíochta nó an Leighis le James Black i 1988 as an saothar sin. D'aistrigh sí go Research Triangle Park, in North Carolina, agus ba ansin a fuair sí bás sa bhliaiin 1999.[1]
Tagairtí
🔥 Top keywords: