Petra

Is cathair stairiúil agus suíomh seandálaíochta i ndeisceart na hIordáine í Petra (Araibis: ٱلْبَتْرَاء, rómhánaithe: Al-Batrāʾ; Sean-Ghréigis: Πέτρα, “carraig”, Nabataeis: 𐢛𐢚𐢓𐢈). Thug seanáitritheoirí na háite RaqmuRaqēmō uirthi.[1][2]

WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
Petra
Íomhá
Sonraí
CineálCathair ársa, cathair, díol spéise do thurasóirí agus suíomh seandálaíochta
Foirgníocht800 "RCh" Cuir in eagar ar Wikidata
Tréith
Déanta asgaineamhchloch
Achar dromchlaSuíomh Oidhreachta Domhanda: 26,171 ha
Airde os cionn na farraige800 m
1,350 m
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinGobharnóireacht Ma'an, An Iordáin
Map
 30°19′44″N 35°26′25″E / 30.3289°N 35.4403°E / 30.3289; 35.4403
Suíomh Oidhreachta Domhanda  
CineálOidhreacht chultúrtha  → An domhan Arabach
Am1985, 1985 (?ú Seisiún), Critéar roghnúcháin don Oidhreacht Dhomhanda: (i), (iii) agus (iv)
Aitheantóir326
Suíomh gréasáin oifigiúilvisitpetra.jo

Tá sí suite in aice leis an sliabh Jabal Al-Madbah, i ndobharcheantar timpeallaithe ag na sléibhte a chuimsíonn an taobh thoir de ghleann Arabah a shíneann ón Mhuir Mharbh go Murascaill Aqaba.

Stair

Tá daoine ina gcónaí sa cheantar thart ar Petra ó chomh luath le 7000 RC.[3] D'fhéadfadh sé gur chuir na Nabataeigh faoi sa chathair chomh luath leis an 4ú haois RC,[4] cé gur as an dara haois RC an fhianaise seandálaíochta is luaithe a bhaineann leis na Nabataeigh.[5] B'Arabaigh fáin iad na Nabataeigh a rinne lárionad trádála réigiúnach de Petra, ag baint leas as a cóngaracht do na bealaí trádála túise.[3][6]

Shaothraigh na Nabataeigh ioncam suntasach ón ngnó trádála, agus ba í Petra croílár a saibhris. Bhí na Nabataeigh cleachta le bheith ina gcónaí san fhásach, murab ionann agus a gcuid naimhde, agus bhí siad in ann an fód a sheasamh in aghaidh ionsaithe trí leas a bhaint as tír-raon sléibhtiúil an cheantair. Bhí siad an-oilte ar bhailiú uisce báistí, ar an talmhaíocht, agus ar an tsnoíodóireacht cloiche freisin.

Bhí rath ar Petra sa 1ú haois AD, nuair a tógadh an struchtúr cáiliúil Al-Khazneh — ina mhásailéam don rí Nabataech Aretas IV, creidtear — agus bhí thart ar 20,000 duine ina gcónaí sa chathair ag an am sin.[7]

Cé go raibh an ríocht Nabataech ina stát cliaint de chuid Impireacht na Róimhe sa chéad aois RC, níor chaill sí a neamhspleáchas go dtí an bhliain 106 AD, nuair a chloígh na Rómhánaigh Petra. Gabhadh an ríocht isteach san impireacht, agus athainmníodh mar Arabia Petraea í.[8] Tháinig laghdú ar thábhacht Petra de réir mar a tháinig bealaí trádála farraige chun cinn, agus tar éis crith talún sa bhliain 363, a scrios a lán foirgneamh.

Sa ré Bhiosántach, tógadh roinnt eaglaisí Críostaí, ach lean an chathair ag meathlú, agus faoi thús na ré Ioslamaí, bhí sí tréigthe cé is moite de scata fánaithe. D'fhan sí i bhfolach go dtí gur tháinig Johann Ludwig Burckhardt uirthi arís sa bhliain 1812.[9]

Petra inniu

Caithfear dul trí altán darb ainm an Siq, 1.2km ar fad, chun Petra a bhaint amach. Tá clú agus cáil ar an gcathair as a hailtireacht charraig-ghearrtha agus as a córas seoladán uisce. Tugtar an “Rose City” ar Petra i mBéarla mar gheall ar dhath na cloiche as a raibh sí snoite.[10]

Tá Petra ina Suíomh Oidhreachta Domhanda de chuid UNESCO ó 1985 i leith. Rinne UNESCO cur síos ar Petra mar “cheann de na maoine cultúrtha is luachmhaire in oidhreacht chultúrtha an chine dhaonna”.[11]

Sa bhliain 2007, vótáladh Al-Khazneh ar cheann de Sheacht nIontas Nua an Domhain.[12] Is siombail den Iordáin í Petra, agus is í an áit a tharraingíonn an líon is mó turasóirí sa tír. Thug níos mó ná 1.1 milliún turasóir cuairt ar Petra in 2019, an chéad uair a thug níos mó ná milliún duine cuairt uirthi i mbliain amháin.[13] Chuir an phaindéim COVID-19 isteach go mór ar thurasóireacht sa chathair sa bhliain 2020, ach tháinig feabhas ar an scéal go luath tar éis sin, agus thug 260,000 duine cuairt ar Petra in 2021.[14]


Tagairtí

🔥 Top keywords: