Pian
Mothú gránna a tharlaíonn de bharr an iomarca spreagtha do néarchinn chéadfacha, mar shampla le teas, fuaire, brú, dochar nó gortú don fhíochán. Tá pianbhraiteoirí ar fud dromchla na colainne, agus an-chuid áiteanna taobh istigh den cholainn freisin. Iompraíonn snáithíní néarógacha iniompracha na comharthaí spreagtha chuig néarláir comhfheasa san inchinn, áit a mbraitear an phian.
Tagann déine an bhunspreagtha is fachtóirí síceolaíocha atá in ann peiptídí (einceifiliní is ionoirfiní) a fhuascailt san inchinn is corda an dromlaigh chun an phian a mhaolú, chun déine na péine a bhraitear a chinneadh san áireamh.
Pian a imíonn nuair a leigheastar an galar, is pian ghéar í, cosantach don duine.
Nuair nach n-imíonn an phian le leigheas an ghalair, is pian ainsealach í.
Uaireanta mothaíonn duine pian áit éigin ar a chraiceann cé go mbíonn an dochar in orgán inmheánach i ndáiríre, cosúil leis na pianta de bharr aingíne chléibh a mhothaíonn an duine ina ghéag chlé. Pian tharchurtha is ea í seo, a tharlaíonn de bhrí go mbíonn an néaróg chéanna ó chorda an dromlaigh ag freastal ar an orgán fabhtach agus an réigiún den chraiceann.[1]