Brú
Is éard is brú ann ná an fórsa san aonad achair a chuirtear i bhfeidhm sa treo go hingearach le dromchla an réada. Úsáidtear an tsiombail p (sa chás íochtair) chuige, agus is é an pascal (Pa) aonad brú an SI. Nuair a fheidhmíonn fórsa nó meáchan ar leith ar fhairsinge níos lú, is ionann sin is brú níos mó. Má bhíonn réad tumtha i sreabhán cosúil le huisce nó aer, feidhmíonn brú ar gach taobh de. Tomhaistear brú le baraiméadair nó brúthomhasairí. Aonad brú a úsáidtear sa mheitéareolaíocht is ea an bar, agus aonad a úsáidtear sa mhíochaine is ea an milliméadar mearcair (mm Hg).
Foirmle |
---|
Sainmhíniú
Is ionann an brú ar rud agus an fórsa atá ag gníomhú go hingearach ar gach méadar cearnach dá dhromchla. Úsáidtear an tsiombail 'p' chuige, (cé go n-úsáidtear 'P' go forleathan freisin) agus is é an pascal (Pa) aonad brú an SI. Braitheann úsáid 'p' vs 'P' ar an réimse ina mbíonn an duine ag obair, m.sh. má tá siombailí eile i gcomhair cainníochtaí, ar nós cumhachta agus móimintim, agus ar an stíl scríbhneoireachta.[1]
Foirmle
Go matamaiticiúil:
i gcás:p = An brú,F = An fórsa,A = Achar an dromchla atá i dteagmháil