Ribeasóm
Cumasc de RNA (RNA ribeasómach, rRNA) is cuid mhaith próitéiní a bhíonn i láthair i mbaictéir is cíteaplasma ceall núicléataithe (eucaróití). Bíonn ribeasóim mar pháirteagail shaora sa chill agus nasctha le scannáin na heangaí ionphlasmaí i gcealla eucarótacha. Bíonn an chuid is mó de RNA iomlán na cille bainteach leis na ribeasóim. I gcomhar le móilíní eile (an RNA traschuir, tRNA, go háirithe) feidhmíonn na ribeasóim mar innealra a dhíchódaíonn an t-eolas géiniteach atá sa tRNA, agus tiontaíonn é seo i seicheamh aimíonaigéad do na móilíní próitéine tríd an bpróiseas aistrithe. Ina dhiaidh sin ascnaíonn na próitéiní go dtí réigiúin eile sa chill le feidhmeanna éagsúla a dhéanamh.[1]
Aitheantóirí | |
---|---|
MeSH | D012270 |
FMA | 66867 : il-aiseach – ordlathach |
Acmhainní seachtracha | |
EB Online | science/ribosome |
Téarmaíocht anatamaíoch |
Tagairtí
🔥 Top keywords: