Séad
Cloch scothluachmhar é séad a fhaightear ó dhá ghné éagsúla mianraí: séidít, pirixéin glas atá sách tearc is go minic tréshoilseach, agus neifrít, cineál amfabóil a bhfuil loinnir chéarach uirthi. Glas nó bán de ghnáth. Déantar snoíodóireacht mhaisithe leis. Bhí neifrít in úsáid i gcomhair réad deasghnáthach sa tSín sa 3ú mílaois RC, agus séidít san Eoraip i gcomhair tuanna chomh fada sin siar freisin. Saothraíodh séidít i Meicsiceo timpeall 1500 RC, agus tháinig séidít ón Domhan Úr don Eoraip tar éis ionradh na Spáinneach i 1519, don tSín níos déanaí fós, timpeall 1780. Bhí traidisiún sa tSín séad marbhán a choinneáil, agus fuarthas cultacha iomlána sochraide i dtuamaí ann ón 2ú céad RC.[1]
Séad | |
---|---|
Aicmiú | |
Catagóir | Mianra |
Airíonna |
Tagairtí
🔥 Top keywords: