Steven Spielberg
Stiúrthóir agus léiritheoir scannáin as Ohio is ea Steven Allan Spielberg (a rugadh ar 18 Nollaig 1946 i Cincinnati, Ohio), ceardaí ar leith a bhfuil 22 ainmniúchán Oscar faighte ag a shaothair ós na seachtóidí i leith.[1]
Sárshaothair ó Jaws (1975) go Indiana Jones agus ó Schindler’s List (1993) go Saving Private Ryan (1998). Stiúir sé E.T, Jurassic Park, Close Encounters of the Third Kind, Gremlins Minority Report, War of the Worlds, Escape to Nowhere (scannán cogaidh), agus Firelight (scannán ficsin eolaíochta).
Scannáin
Rinne sé scannáin fhicsean-eolaíochta, scannáin eachtraíochta agus scannáin mhór-eachtraíochta. Tháinig scannán beathaisnéiseach, The Fabelmans, amach sa bhliain 2022/2023.
Saol
Ba mhac é le Leah Alder (d'éag 2017, 97) agus Arnold Spielberg (d'éag 2020). Ba phianódóir ceolchoirme agus úinéir bialainne í Leah Alder agus innealtóir ríomhaireachta é Arnold Spielberg.
Sa bhliain 2022, bhí $4 billiún de mhaoin phearsanta ag Spielberg de réir Forbes,[2]. agus $3 billiún de réir Celebrity Net Worth.[3]
Féach freisin
- The Fabelmans