Trópaisféar
An ciseal is ísle d'atmaisféar an Domhain, ón dromchla suas go dtí airde 8-16 km. Sa trópaisféar laghdaíonn an teocht de réir mar a mhéadaíonn an airde, síos go dtí timpeall -72 °C ar an meán idir shamhradh is gheimhreadh. Sa trópaisféar a mhairimíd agus a tharlaíonn an aimsir: báisteach, sneachta, gaotha, scairdsruthanna, stoirmeacha. Tarlaíonn meascadh ceartingearach go gasta ann agus sruthlú tapa den aer is truailliú san aer ann. De bharr an mheasctha is na haimsire seo, de ghnáth is féidir leis an trópaisféar aon truaillithe a ghlanadh amach taobh istigh de sheachtain nó mar sin.[1]
Cineál | Atmospheric layer (en) | |||
---|---|---|---|---|
Cuid de | atmaisféar an domhain homosphere (en) | |||
Tagairtí
🔥 Top keywords: