Éirí amach phobal na Túinéise
Is éard is Éirí amach na Túinéise (2010-2011), ar a dtugtar "an Réabhlóid seasmaine", ná sraith eachtraí ceannairceacha sa Túinéis ó mhí na Nollag 2010 agus sna blianta ina dhiaidh sin.[1][2][3]
Bhí réimeas na Túinéise géar orthu súid a bhí ag éileamh roinnt an rachmais agus daonlathais.
Thosaigh na himeachtaí ar ar an 17 Nollaig 2010, nuair a chuir Mahamad Bouazizi é féin trí thine, mar agóid éadóchasach in aghaidh na drochíde agus an uiríslithe a d’fhulaing sé ó na húdaráis áitiúla.
Bhí an tUachtarán Ben Ali[4] i gceannas ar an Túinéis ó 1987 ar aghaidh. Bhí an pobal faoi leatrom agus míshásta ar fad. Theith Ben Ali an tír sa bhliain 2011.
Iarmhairtí
Nuair a chur Mohamed Bouazizi, trí ghníomh deiridh féiníobartha, tús le hEarrach na nArabach ba ghníomh é sin a bheadh tionchar as cuimse aige, ní amháin ar an Túinéis ach ar an domhan Arabach níos leithne.[5]
Ba é Éirí amach na Túinéise ar an 4 Eanáir 2011, an splanc a ghin ‘tEarrach’ mórthimpeall an domhain Arabaigh. Ar an agóid bheag neamh-mharthanach sa tsean-Seicslóváic in 1968 is dócha a bhí fo-eagarthóir sinsearach éigin i Londain ag smaoineamh, tráth éigin tamall de mhíonna tar éis tús na bparáidí is na léirsithe sa Túinéis agus san Éigipt, nuair a cheap sé an téarma “Arab Spring”.