AK-47
Is raidhfil ionsaithe é an AK-47, nó an "Kalashnikov" (Rúisisː Автомат Калашникова) a bhaineann úsáid as urchar 7.62x39mm. Dhear Mikhail Kalashnikov an raidhfil san Aontas Sóivéadach sa bhliain 1945 don chéad uair, tamall gairid tar éis an Dara Cogadh Domhanda.[1]
Cineál | cineál airm tine |
---|---|
Tír bhunaidh | An tAontas Sóivéadach |
Eapainm | Mikhail Kalashnikov |
Stair seirbhíse | |
I seirbhís | ó 1949 |
Coinbhleacht | Laotian Civil War (en) , Cogadh Cathartha na Cambóide, Cambodian–Vietnamese War (en) , Cogadh Vítneam agus na Síne, Afghan conflict (en) , Cogadh Iaráin - Iaráic, Cogadh na Murascaille, Croatian War of Independence (en) , Cogadh Boisniach, Cogadh na hIaráice, Mexican Drug War (en) , Cambodian–Thai border dispute (en) , Libyan Crisis (en) , Cogadh cathartha na Siria, Iraqi Civil War of 2014–2017 (en) , Cogadh Cathartha Mhailí, Yugoslav Wars (en) agus Réabhlóid na hUngáire 1956 |
Stair táirgthe | |
Dearthóir | Mikhail Kalashnikov |
Iomlán a tháirgtear | 80,000,000 |
Sonraíochtaí | |
Mais | 4.3 kg |
Fad | 87 cm |
Armlón | 7.62×39mm |
Calabra | 7.62 mm |
Bíonn an AK-47 ar cheann de na dearaí is clúití agus is íocónaí riamh. Sna 2010idí, bhain beagnach leath de na hairm ar domhan le raidhfilí de dhéantús Kalashnikov.
Stair
Ba Mikhail Kalashnikov, Leifteanant-ghinearál in arm na Rúise, a rinne an AK-47 a dhearadh siar in 1945. Ach tá an ’47’ sin ag tagairt don bhliain 1947; tosaíodh ag táirgeadh an raidhfil den chéad uair sa bhliain sin.
Rinneadh go leor leasuithe ar an bhun-dearadh ó shin. Tá breis is céad milliún raidhfil den chineál AK déanta idir 1947 agus na 2010idí, agus tá leaganacha nua á dtáirgeadh i gcónaí.[1]
Tréithe
Tá an AK-47 éifeachtach, simplí agus láidir. Mar shampla, is féidir leis 30 piléar a scaoileadh i rud beag níos mó ná 3 soicind.[1]
Is féidir duine a thraenáil conas é a úsáid taobh istigh de roinnt uaireanta an chloig.