Caithreachas

Tréimhse athraithe ina mbaineann duine aibíocht ghnéasach agus cumas iomlán atáirgthe amach. Tosaíonn sé níos luaithe i gcailíní (timpeall 10-11 bliain d'aois) ná i mbuachaillí (timpeall 11-12 bliain)[1], agus maireann 3 bhliain nó mar sin. Braitheann a thosú ar iarmhairtí géiniteacha is comhshaoil, stádas cothaithe ina measc. Tarlaíonn fás géaraithe sa dá chás (an rábóg fáis ógánta), aibiú na ngónad, agus forbairt tréithe tánaisteacha gnéasacha. I gcailíní, forbraíonn na cíocha, fásann gruaig phúbasach, agus tosaíonn an míostrú. I mbuachaillí, fásann gruaig phúbasach is gruaig aghaidhe, méadaíonn an péineas is an cadairne, agus éiríonn an guth níos toille.[2]

Tagairtí

🔥 Top keywords: