Comhdhúil orgánach

Aon bhall d'aicme mhór de na comhdhúile cheimiceacha ghásacha, leachtacha, nó sholadacha, ina mbíonn carbón sna móilíní s'acu tugtar comhdhúil órgánach air. Ar chúiseanna stairiúla a phléitear thíos, bíonn roinnt cineálacha de chomhdhúile ina mbíonn carbón iontu, ar nós cairbídí, carbónáití, ocsaídí shimplí de charbón (ar nós CO agus CO2), agus de na ciainídí, a mheastar mar neamhorgánach.[1]An t-idirdhealú idir comhdhúil orgánach agus neamhorgánach charbóin, cé go bhfuil sé "úsáideach le haghaidh na Ceimice a cur in ord nó in eagar... tá sí beagán treallach". .[2]

Ceann de na comhdhúile orgánacha is simplí is ea Meatán

Bíonn an cheimic orgánach ag plé le gach gné de na comhdhúile orgánacha. Tugtar 'sintéis orgánach' ar an mhodheolaíocht len iad a n-ullmhú.

Tagairtí

🔥 Top keywords: