Hiodrainsia
Tom síorghlas nó duillsilteach nó dreaptha le fréamhacha aerga é an hiodrainsia, dúchasach don Áise agus Meiriceá Thuaidh is Theas. Na duilleoga ubhchruthach i bpéirí urchomhaireacha. Na bláthanna i gcinn, na cinn bheaga torthúil is na cinn mhóra seasc. Dhá shaghas an-choitianta mar mhaisiúchán: láschaipíní le cinn le bláthanna móra seasca timpeall ar na cinn torthúla, agus mapachaipíní le cinn le bláthanna móra seasca amháin. Táirgeann an dá shaghas bláthanna gorma nuair a bhíonn an ithir fúthu aigéadach, agus bláthanna bándearga nuair a bhíonn sí alcaileach.[1]
Hydrangea | |
---|---|
Hydrangea macrophylla | |
Planda | |
Cineál an toraidh | capsúl |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Plantae |
Ord | Cornales |
Fine | Hydrangeaceae |
Géineas | Hydrangea L., 1753 |
Cineál tacsanomaíoch | Hydrangea arborescens |
Tagairtí
🔥 Top keywords: