Ionsaí buamála ar Aerfort Chabúl (2021)
Maraíodh 182 duine ar a laghad, páistí ina measc, de bharr ionsaí buamála ar Aerfort Chabúl san Afganastáin ar 26 Lúnasa 2021.[1] Bhí aistarraingt trúpaí SAM agus aslonnú ollmhór ar siúl sa tír ag an am.
| ||||
Cineál | buamáil féinmharaithe coordinated terrorist attack (en) oll-lámhach | |||
---|---|---|---|---|
Cuid de | Islamic State–Taliban conflict (en) | |||
Dáta na bliana | 26 Lúnasa 2021 (17:50. UTC+04:30) | |||
Suíomh | Kabul International Airport, An Afganastáin (en) , Cabúl, An Afganastáin | |||
Tír | an Afganastáin | |||
Sprioc | 2021 Kabul Airlift (en) agus Kabul International Airport (en) | |||
Líon básanna | 182 | |||
Líon gortaithe | 150 | |||
Déantóir na coire | Islamic State – Khorasan Province (en) (buamadóir féinmharaithe, sladmharfóir) | |||
Arm | gléas pléascach arm tine | |||
Cúlra
Bhí na mílte duine san aerfort agus lasmuigh agus iad ar fad ag iarraidh na cosa a thabhairt leo as an tír. Ó ghlac an Talaban smacht ar an tír an 15 Lúnasa go dtí 30 Lúnasa 2021, bhí nach mór 120,000 Afganastánach agus eachtrannach tar éis teitheadh ón Afganastáin ar eitiltí a d’eagraigh Stáit Aontaithe Mheiriceá[2] (theith 3.1 milliún in 2021-2022).[3]
Bhí cúrsaí ina gcíor thuathail san aerfort de bharr na sluaite a bhí cruinnithe ansin.[4][5] Bhí na mílte saighdiúir Meiriceánach ag iarraidh teorainn shábháilte a choinneáil thart ar an aerfort d’eitleáin an aslonnaithe. Maraíodh roinnt daoine sa bplódú ag an aerfort fiú, roimh an 26ú Lúnasa.
Imeachtaí
Tharla an t-ionsaí buamála ar 26 Lúnasa ag Geata Abbey, an tslí isteach go dtí an t-aerfort.[6]
Bhí 13 a bhí ar dualgas do Stáit Aontaithe Mheiriceá ina measc siúd a maraíodh. Chuir an buamálaí é féin den saol.
Ar an 25 Lúnasa, thug rialtas SAM rabhadh, go raibh ionsaí sceimhlitheoireachta á bheartú ag Daesh (antoiscigh Ioslamacha). Cuireadh comhairle ar dhaoine a bhí sáinnithe san Afganastáin gan aghaidh a thabhairt ar an aerfort in Kabul de bharr cúrsaí slándála ag dul in olcas.