Lintile
speiceas plandaí
Planda bliantúil fosaithe nítrigine, a fhásann timpeall 40 cm ar airde. Na duilleoga cleiteach le 3-8 péire duilleoigíní dronuilleogacha, ag críochnú mar theannóg. Na pisbhláthanna bán le féitheacha liathchorcra, 1-3 cinn díobh ar ghas fada. Na cochaill dronuilleogach le síol teasc-chruthach nó dhó. Ní fios cad as an planda, ach saothraítear é leis na cianta mar bhia-phlanda. Cuid mhaith próitéine sna síolta (iad flannbhuí, donn nó glas), na lintilí.[1]
Lens culinaris | |
---|---|
Sonraí | |
Is foinse é an tacsón seo de | lintile |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Plantae |
Ord | Fabales |
Fine | Fabaceae |
Treibh | Fabeae |
Géineas | Lens |
Speiceas | Lens culinaris Medik., 1787 |
Tagairtí
🔥 Top keywords: