Mario José Molina
ceimiceoir Meicsiceach
Ceimicí a rugadh i gCathair Mheicsiceo ab ea Mario José Molina (1943-2020). Lena chomhghleacaí Frank Sherwood Rowland ó Ollscoil California i 1974, chruthaigh sé go n-imoibreodh solas ultraivialait san atmaisféar le clórafluaracharbóin chun adaimh clóirín a tháirgeadh, agus go n-oibreodh siad seo leis na hocsaídí nítrigine mar chatalaigh chun an ciseal ózóin a mhilleadh. Roinn siad Duais Nobel na Ceimice i 1995 le Paul Crutzen as seo.[1]
Tagairtí
🔥 Top keywords: