Olympus Mons
Sciathbholcán is ea Olympus Mons, agus é suite ag an ochtú céim déag de leithead an Tuaiscirt, ag an dá chéad fiche agus séú céim d'fhad an oirthir (18° N 226° E) ar dhroim Mharsa. Tá sé ar an sliabh is airde ar fud an Ghrianchórais, nó tá sé seacht gciliméadar fichead níos airde ná a thimpeallacht, agus cúig chiliméadar fichead níos airde ná meánleibhéal Mharsa. Nix Olympica nó an Sneachta Oilimpeach a thug na réalteolaithe air ar dtús. Nuair a fuair na spástaiscéalaithe amach gur sliabh a bhí ann, baisteadh Olympus Mons nó Sliabh na hOilimpe air.
Olympus Mons | |
---|---|
Cineál | mons (en) agus shield volcano (en) |
Fionnachtaí | Mariner 9 (en) |
Eapainm | Sliabh Oilimpeas |
Suite i | Mars |
Cruthú | 3,830 milliún bliain RCh |
Saintréithe fisiceacha agus réaltmhéadracha | |
Ga | 305.065 km[1] |
Trastomhas | 610.13 km[2] |
Achar dromchla | 300,000 km²[3] |
Aois measta | 3.83 gigaannum (en) |
Tagairtí
🔥 Top keywords: