Salman Rushdie

Úrscéalaí agus aistí Briotánach-Mheiriceánach

Úrscéalaí Briotanach - Mheiriceánach de shliocht Indiach is ea Ahmed Salman Rushdie (a rugadh i Mumbai ar 19 Meitheamh 1947).[1][2]

Infotaula de personaSalman Rushdie

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(ur) سلمان رشدی
Beathaisnéis
Breith(ur) احمد سلمان رشدی
19 Meitheamh 1947
76 bliana d'aois
Mumbai (Réimeas Briotanach)
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síScoil Rugby
Ollscoil na Rí
Cathedral and John Connon School (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga dhúchaisAn Urdúis, Béarla na Breataine agus An Chaismíris
Gníomhaíocht
Gairmscríbhneoir, scríbhneoir litríocht pháistí, aisteoir, scríbhneoir scripte, úrscéalaí, scríbhneoir aistí, údar Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1975 –
FostóirOllscoil Emory Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
SeánraMagic realism (en) Aistrigh
GluaiseachtHistorical criticism (en) Aistrigh
Faoi thionchar
TeangachaAn Urdúis, Béarla agus An Chaismíris
Saothar
Saothar suntasach
Suíomh a chartlainne
Eile
Teideal uasalRidire Baitsiléra Cuir in eagar ar Wikidata
CéileClarissa Luard (1976–1987)
Marianne Wiggins (1988–1993)
Elizabeth West (1997–2004)
Padma Lakshmi (2004–2007)
Rachel Eliza Griffiths (2021–) Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteZafar Rushdie
 ( Clarissa Luard)
Milan Rushdie
 ( Elizabeth West) Cuir in eagar ar Wikidata
AthairAnis Ahmed Rushdie
Croineolaíocht
12 Lúnasa 2022stabbing of Salman Rushdie (en) Aistrigh (Chautauqua Institution (en) Aistrigh, Chautauqua (en) Aistrigh) Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas
Ainmnithe do

Suíomh gréasáinsalmanrushdie.com Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm0750723 Allocine: 35474 Rottentomatoes: celebrity/salman-rushdie Allmovie: p62158 TCM: 553243 Metacritic: person/salman-rushdie TV.com: people/salman-rushdie
Facebook: salmanrushdieauthor Twitter: salmanrushdie Musicbrainz: 0ca17bb6-78e4-4f0c-bd0c-ba8457b77835 Discogs: 437892 Cuir in eagar ar Wikidata

Bhuaigh a dhara húrscéal, Midnight’s Children[3] (1981), an Duais Booker sa bhliain 1981. Measadh gurbh é “ "the best novel of all winners ever"” faoi dhó, ag comóradh 25 agus 40 bliain na duaise .

Tharraing a cheathrú húrscéal, The Satanic Verses (1988), conspóid ar Rushdie. An bhliain dár gcionn, d'eiisigh an Ayatollah Khomeini, ardcheannaire na hIaráine, fatwa, ag iarraidh Rushdie a chur chun báis.

Saothar

Déileálann Rushdie go príomha le naisc, bristeacha, agus imirce idir sibhialtachtaí an Oirthir agus an Iarthair, a leagtar ar fho-ilchríoch na hIndia de ghnáth.

Is minic a nascann a chuid oibre réalachas draíochta le ficsean stairiúil.

Beatha

Tógadh Rushdie, de shliocht Ioslamach, mar aindiachaí i Mumbai nuair a bhí sé ina pháiste.[4] D'fhreastail sé ar scoil don scothaicme, Rugby, i Sasana agus é ina dhéagóir. Bhain sé céim Baitsiléir Ealaíon amach in Ollscoil Cambridge.

Bhí Rushdie ag obair i dtionscal na fógraíochta nuair a tháinig cáil air sa bhliain 1981 agus an Duais Booker bronnta air, do Midnight’s Children sa bhliain 1981.

Sa bhliain 1983, toghadh Rushdie ina chomhalta den Royal Society of Literature (an Cumann Ríoga Litríochta).

Ar 14 Feabhra 1989, d'eisigh an Ayatollah Khomeini fatwa in aghaidh Rushdie, ag iarraidh é a fheallmharú; maíodh go raibh an leabhar The Statanic Verses diamhaslach. Rinneadh bagairtí báis ina choinne Spreagúla an leabhar agus an fatwa díospóireachtaí agus agóidí go leor faoi róil na saoirse cainte agus an fhoréigin pholaitiúil.

Ach gníomh polaitiúil a bhí ann ag an am don Ayatollah, meastar, tráth a raibh teannas an-ghéar idir an Iaráin agus na Stáit Aontaithe.[5]

D'athraigh an fatwa saol Rushdie ar fad. Chuir rialtas na Breataine an t-údar faoi chosaint na bpóilíní agus b’éigean dó dul i bhfolach.[6]

Ó 2000 ar aghaidh, bíonn Rushdie ina chónaí sna Stáit Aontaithe. Cheap sé go raibh sé níos sábháilte ann.[7]

Gradam go leor

Bronnadh an iliomad gradam ar Rushdie sna blianta ina dhiaidh sin. Ceapadh Rushdie ina Commandeur de l'Ordre des Arts et des Lettres na Fraince sa bhliain 1999.

Rinneadh ridire de Rushdie sa Ríocht Aontaithe sa bhliain 2007 as a sheirbhísí don litríocht.

Sa bhliain 2007, thosaigh sé ag múineadh in Ollscoil Emory.

Toghadh Rushdie chuig an American Academy of Arts and Letters (Acadamh Ealaíon agus Litreacha Mheiriceá) sa bhliain 2008.[8]

Sa bhliain 2008, d'aicmigh The Times é sa tríú háit déag ar a liosta den 50 scríbhneoir Briotanach is mó ó 1945 i leith.

Sa bhliain 2012, d’fhoilsigh Rushdie Joseph Anton: A Memoir, cuntas ar a shaol i ndiaidh na n-imeachtaí a lean The Satanic Verses.[7]

Ainmníodh Rushdie ina Scríbhneoir Cónaithe Oirirce ag Institiúid Iriseoireachta Arthur L. Carter in Ollscoil Nua-Eabhrac sa bhliain 2015.[9]

Iarracht ar dhúnmharú

Ar an 12 Lúnasa 2022, sháigh fear de shliocht Liobánach Rushdie ag ócáid i Chautauqua, Nua-Eabhrac. ̊Sábháilteacht agus cosaint sna Stáit Aontaithe do scríbhneoirí" an teideal a bhí ar an léacht.[10]

Gortaíodh Rushdie go dona, tar éis dó a bheith ag druidim ar an stáitse [11][5]

Phléadáil Hadi Matar, an fear a gabhadh as an ionsaí, neamhchiontach in iarracht dúnmharaithe agus cúisimh ionsaithe dara céime [12]

Féach freisin

  • Duais Booker
  • Saoirse chainte

Naisc sheachtracha

Tagairtí

🔥 Top keywords: