An Phuinseáibisپنجابی, ਪੰਜਾਬੀ agus Panjabi |
---|
|
Eapainm | Puinseáb |
---|
Cineál | teanga bheo agus teanga nádúrtha |
---|
|
Cainteoirí dúchais | 125,000,000 (2021) |
---|
Á labhairt | Azad Kashmir (en) , Jammu agus an Chaismír, luach anaithnid, Beangál Thiar, Punjab (en) , Haryana, Deilí, Puinseáb agus Islamabad Capital Territory (en) |
---|
Grúpa eitneach | Puinseábaigh |
---|
Dúchasach do | Puinseáb agus An Chaismír |
---|
Stáit | an Phacastáin, an India, an Ríocht Aontaithe, an Chéinia, an Mhalaeisia, an Afraic Theas, an Bhanglaidéis, Daon-Phoblacht na Síne, Ceanada, an Téalainn, Fidsí, an Afganastáin, an Araib Shádach, Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha, Stáit Aontaithe Mheiriceá, an Astráil, Singeapór agus luach anaithnid |
---|
|
|
|
teanga dhaonna teangacha Ind-Eorpacha teangacha Ind-Iaránacha teangacha Ind-Airianacha Northwestern Indo-Aryan (en) Punjabi dialects and languages (en) |
|
Córas scríbhneoireachta | Shahmukhi (en) , Gurmukhi (en) , Urdu orthography (en) , Mahajani (en) , Informal Roman Urdu (en) , script Dhéiveanágrach agus Punjabi Braille (en) |
---|
Institiúid caighdeánaithe | Department of Languages, Punjab (en) agus Punjab Institute of Language, Art, and Culture (en) |
---|
Staidéar ag | Sikhi (en) |
---|
Leibhéal leochaileachta | 1 sábháilte |
---|
|
ISO 639-3 | pan |
---|
Linguasphere | 59-AAF-e |
---|
ASCL | 5207 |
---|
Linguist List | panj |
---|
UNESCO | luach ar iarraidh |
---|
Tá an Phuinseáibis (ਪੰਜਾਬੀ) ar an aonú teanga déag is mó a labhraítear ar fud an domhain, agus í á labhairt ag timpeall is céad milliún duine san India agus sa Phacastáin thar aon áit eile. Cé gur teanga Ind-Eorpach í, is teanga thonúil (teanga thuiníoch) í. Tá a gramadach bunaithe ar an táthú, is é sin, cuirtear iarmhíreanna i ndiaidh iarmhíreanna leis na focail, agus ciall sách cúng le gach iarmhír. Is é gnáthord na bhfocal ná Ainmní-Cuspóir-Briathar (SOV), cosúil leis an Laidin agus leis an Airméinis, mar shampla. (Is é an t-ord atá sa Ghaeilge ná Briathar-Ainmní-Cuspóir, nó VSO.)
Tá stádas oifigiúil ag an bPuinseáibis sa Phuinseáb san India agus i gCathair Chandigarh. I Hariyana san India agus i gCathair Delhi, tá stádas oifigiúil aici freisin, ach ní hí an t-aon teanga oifigiúil amháin í. Is í an teanga is mó a labhraítear sa Phacastáin freisin, ach níl stádas oifigiúil ar bith aici sa tír sin, nó is iad an Béarla agus an Urdúis teangacha oifigiúla na Pacastáine.
Is féidir úsáid a bhaint as an aibítir Dhéiveanágrach agus as an aibítir Arabach le Puinseáibis a scríobh, ach is í an aibítir Ghurmúcach is mó a shamhlaítear leis an teanga. Is í an aibítir a úsáideann lucht leanúna an tSaíceachais, agus iad ag saothrú na Puinseáibise thar aon dream eile.
D'fhorbair an Phuinseáibis as an teanga Sauraseni, a bhí á saothrú i dTuaisceart na hIndia anallód. B'í an teanga Sauraseni ba bhunús leis an Hiondúis, an Urdúis, agus an teanga Konkani, leis. Ceann de na teangacha Pracraite a bhí ann - is é sin, caighdeán scríofa a bhí ní ba chóngaraí do chaint na ndaoine ná an tSanscrait, teanga chlasaiceach na hIndia.
Thosaigh litríocht na Puinseáibise faoin am ar tháinig an Saíceachas chun saoil. B'é an chéad ghurú Saíceach, Guru Nanak, a chuir bun le litríocht Shaíceach na Puinseáibise. B'é an cúigiú gurú Saíceach, Guru Arjan Dev, a bhreac síos scrioptúr naofa na Saíceach, Guru Granth Sahib, an saothar ar a ndearcann na Saícigh mar ghurú i riocht leabhair. Úsáidtear a lán teangacha eile i nGuru Granth Sahib freisin, ach is i bPuinseáibis a cumadh an chuid is mó de.