Aildéad

(Athsheolta ó Aildéid)

Comhdhúile orgánacha iad na haildéid ina bhfuil an grúpa carbóinile −C(H)=O i gceann an tslabhra d'adaimh charbóin. Ó tá dhá nasc oscailte ag an ngrúpa carbóinile, ní mór ceann acu a dhúnadh le hadamh hidrigine H agus an ceann eile ceangailte den tslabhra. Mar sin, is féidir a rá gurb é (nó ) feidhmghrúpa na n-aildéad. Is iad an formaildéad nó an meatánal agus an t-aicéataildéad nó an t-eatánal an dá aildéad is simplí. (Mar is léir ón dá shampla seo, is é -ánal is deireadh d'ainmneacha córasacha na n-aildéad, ach bíonn ainmneacha traidisiúnta ar chuid mhór acu agus iad níos coitianta sa litríocht cheimiceach féin ná na hainmneacha córasacha.)

WD Bosca Sonraí Comhdhúil CheimiceachAildéad
Substaint cheimiceachaicme struchtúrtha ian
Struchtúr ceimiceach
SMILES canónta
Model 2D
[H]C([*])=O
Aildéad
Struchtúr ginearálta na n-aildéad
Struchtúr ginearálta aildéid. Is féidir leis an R-fhréamh a bheith ina adamh hidrigine nó ina fhréamh orgánaile (ailcil-, aril-, ailcéinil-, srl.). Tá grúpa na n-aildéad (grúpa formaile) marcáilte i ndath gorm.
Beispiele
Samplaí: formaildéad (meatánal, ar clé), aicéataildéad (eatánal, sa lár) agus próipianaildéad (própánal, ar dheis) le grúpa na n-aildéad marcáilte i ndath gorm (formailghrúpa)

Is í an difríocht idir na haildéid agus na céatóin ná go bhfuil an grúpa carbóinile i lár an tslabhra carbóin sna céatóin: cuir i gcomparáid an próipianaildéad (an própánal) agus an t-aicéatón (an própánón) , ar isiméirí iad.

Bíonn aildéid coitianta go maith sa cheimic orgánach, agus is aildéid iad a lán cumhrán. Is aildéad í an fhanailin a thugann an blas agus an boladh sainiúil don fhanaile, agus is é an cainéaldéad is cúis le blas agus boladh an chainéil.

Sraith homalógach na n-aildéad

Uimhir
(Adamh carbóin)
Ainm-
AIGCF
BeagainmFoirmle mhóilíneachFoirmle struchtúrachFiuchphointe
in °C[1]
1 MeatánalFormaildéadCH2O−19,1
2 EatánalAicéataildéadC2H4O20,1
3PrópánalPróipianaildéad
Próipianaildéad
C3H6O48
4Bútánaln-BútaraildéadC4H8O74,8
5PeantánalAiléaraildéad
Aaimiolaildéad
n-Pentaldehyd
C5H10O103
6HeicseánalCaprúnaildéad
n-Heicsaildéad
C6H12O131
7HeipteánalHeiptaildéad
n-Heiptaildéad
C7H14O152,8
8Ochtánal Caprailaildéad
n-Ochtaildéad
C8H16O171
9NaonánalPelargonaldehyd
n-Nonylaldehyd
C9H18O191
10Deicilánal Caprailaildéad
n-Decylaldehyd
C10H20O208,5
11Aondeacilánal Hendecanal
n-Undecylaldehyd
C11H22O117(18 mbar)
12DódeicilánalLaurinaldehyd
Dodecylaldehyd
C12H24O238
14TeitrdeicilánalMyristylaldehyd
Tetradecylaldehyd
C14H28O260

Aildéid thábhachtacha