Gníomhaireacht a bunaíodh taobh istigh de na Náisiúin Aontaithe i 1948 chun comhoibriú idirnáisiúnta i bhfeabhsú shláinte na ndaoine a chur chun cinn is ea an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (World Health Organization nó WHO).[1]
An Eagraíocht Dhomhanda Sláinte
(en) World Health Organization (fr) Organisation mondiale de la Santé (es) Organización Mundial de la Salud (ru) Всемирная организация здравоохранения (ar) منظمة الصحة العالمية (zh-hans) 世界卫生组织
Pléann an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte le ceisteanna cosúil le smacht a chur ar eipidéimí tógálacha, vacsaíniú is cláir eile, sláintíocht, soláthairtí uisce is bia, srl. D'éirigh léi deireadh a chur leis an mbolgach.
Feidhmíonn an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte mar áras imréitithe i leith eolais ar théamaí cosúil le drugaí, baoil núicléacha, agus taighde ar ailse.
Eagraíocht
Tá timpeall 190 tír mar bhaill ag an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte. Tá a príomhoifig sa Ghinéiv.
Stair
D'fhógair an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte ar 9 Nollaig 1979 go raibh an bholgach díothaithe.[2]