Anann
Crann ilbhliantúil síorghlas, dúchasach do Mheiriceá Theas is ea an t-anann. Na duilleoga docht stuach claíomhchruthach spíonach liathghlas. Na bláthanna tríphiotalach gorm i mbláthra dlúth, cosúil le cón is spuaic dhuilleach ag a bharr. Torthaí aonaracha ag comhtháthú le chéile ina dtoradh bog buí ilchodach suas le 30 cm ar fhad. Barr tábhachtach i gcuid mhaith tíortha trópaiceacha. I measc na gcineálacha a shaothraítear, tá foirmeacha gan síolta is foirmeacha ornáideacha ildaite. Bíonn súlach na dtorthaí lán de vitimíní A is B.[1]
Ananas comosus | |
---|---|
Sonraí | |
Is foinse é an tacsón seo de | pineapple (en) , piña (en) , pineapple juice (en) agus Yeah (en) |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Plantae |
Ord | Poales |
Fine | Bromeliaceae |
Géineas | Ananas |
Speiceas | Ananas comosus Merr., 1917 |
Ainmníocht | |
Basainm | Bromelia comosa |
Tagairtí
🔥 Top keywords: