Billie Eilish
Is amhránaí agus scríbhneoir amhrán Meiriceánach í Billie Eilish Pirate Baird O'Connell ach tá sí aitheanta mar Billie Eilish. (Nó Billí Eilís as Gaeilge).
Rugadh í ar an 18 Nollaig, 2001 i Los Angeles, California[1]. D’fhoilsigh sí an t-amhrán “Ocean Eyes” ar SoundCloud sa bhliain 2015 agus scríobh sí an t-amhrán i gcomhar lena deartháir, Finneas O’Connell[2]. Is é sin an t-am a thosaigh a gníomhréim agus ní raibh sí ach cúig bliana déag d’aois ag an am. Tá Eilish ar cheann de na réaltaí popcheoil is mó ar an domhan faoi láthair i ndiaidh a céad albam When We All Fall Asleep, Where Do We Go?[3]. Tar éis di a bheith ina guth dá ghlúin, tá billiúin ar billiúin sruthanna ceoil agus beagnach 60 milliún leantóirí ar Instagram[4] aici ag ocht mbliana déag d’aois.
Is bean ildánach í le cúig Dhámhachtain Grammy, dá Dhámhachtainí Ceoil Meiriceánach (Béarla: American Music Awards), dá Churiarracht Dhomhanda Guinness (Béarla: Guinness World Records), trí Dhámhachtainí Ceoil Físe MTV (Béarla: MTV Video Music Awards) agus Dámhachtain BRIT amháin. Is í an duine is óige agus an dara duine riamh chun ceithre chatagóir ghinearálta sna Dámhachtainí Grammy a bhuachan[2][5].
Luathshaol
Tagann Eilish ó clann de chruthaitheoirí. Bhí clú agus cáil i ndán di mar gheall ar a cumas ceolmhar. Thosaigh sí ag canadh sa chór nuair a bhí sí ocht mbliana d’aois, agus faoin am a raibh sí aon bhliain déag d’aois, bhí sí ag scríobh agus ag canadh a cuid amhráin féin[1]. Cuireann sí a teicníc ghuthach síos don obair a rinne sí sa chór.
Is í Maggie Baird máthair de na ceoltoirí Finneas agus Eilish. Is amhránaí agus aisteoir í. Scríobh Maggie an scannán Life Inside Out agus bhí páirt aici ann[6]. Is aisteoir é athair Eilish freisin, Patrick O’Connell is ainm dó. Bhíodh sé le feiceáil sna scannáin Iron Man, The West Wing, agus Baskets[6].Tá Eilish an-mhórtasach as a dúchas Éireannach agus Albanach ó thaobh a hathair agus a máthair[7][8]. Cuireadh scolaíocht bhaile ar Eilish agus a deartháir óna máthair[9] ach níor chuir sin cosc ar Eilish páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí seach-churaclaim.
Is é Finneas Baird O’Connell deartháir s’aici agus tá sé ceann dá cuid inspioráidí is mó atá aici. Déanann sé a chuid ceoil féin agus seinneann sé lena bhanna ceoil, The Slightlys[10]. Chomh maith le sin, scríobh agus cruthaigh sé ceol do go leor ceoltóir[11], Eilish san áireamh. Bhuaigh sé cúig Dhámhachtain Grammy don obair a dhearna sé ar When We All Fall Asleep, Where Do We Go?, an chéad albam a chur Eilish amach[12].
Gníomhréim
2015 - 2017
Rinne Eilish a céad amhrán “Ocean Eyes” a thaifeadadh sa bhliain 2015, nuair a bhí a múinteoir damhsa ag lorg fuaimrian taca dona céad dreas damhsa eile[13]. Bhí an t-amhrán curtha suas ar SoundCloud i 2015 agus tá níos mó ná 35 milliún éisteachta air anois. Shínigh sí conradh le Apple Music[14][15] in Eanáir 2016 agus bhí socrú déanta aici le A&R, ardán fionnachtain Platoon[16]. Is comhlacht é a gcabhraíonn ceoltóirí nua roimh a dtéann siad ar aghaidh go dtí lipéad ceoil mór. D'atheisigh sí “Ocean Eyes” arís i Márta 2016 le físeán ceoil nua.
Faoi Lúnasa 2016, shínigh Eilish conradh nua leis an lipéad ceoil ‘The Darkroom’, comhlacht a oibríonn le Interscope[16][14]. Sa bhliain 2017, bhí “Bellyache” an chéad amhrán eile a d’fhoilsigh sí ina dhiaidh “Ocean Eyes” agus canann sí an t-amhrán seo ó thaobh síceapatach de atá faoi choimhlint. D’fhoilsigh sí “Bored” sa bhliain chéanna don tsraith Netflix 13 Reasons Why[17][18]. D’fhoilsigh Eilish a céad cheirnín leathfhada Don’t Smile at Me le linn an tsamhraidh 2017, le cabhrú óna deartháir Finneas. Bhí naoi n-amhrán éagsúla ar[19] agus bhí “Idontwannabeyouanymore” an dara hamhrán is mó a raibh sreabhtar tar éis “Ocean Eyes”[20]. D’éirigh léi an tríú háit a fháil ar na cairteacha Billboard don Albam Ailtéarnach (Béarla: Alternative Albums) don cheirnín leathfhada[21].
2018 - Inniu
Chuaigh Eilish ar a céad príomh-chamchuairt domhanda Where’s my Mind? i mí Feabhra 2018[22], ní raibh sí ach sé bliana déag d’aois. Chomhoibrigh sí leis an amhránaí Meiriceánach Khalid agus d’fhoilsigh siad an chnagshingil “Lovely” i mí Aibreáin 2018[23]. Thuill Eilish áit ar Cairteacha na n-Albam ‘21 Under 21 2018’ don amhrán “Lovely” agus tháinig an chnagshingil amach san 78ú háit ar Cairteacha na n-Albam[21] ‘The Hot 100’. Chomh maith le sin, bhí an t-amhrán curtha ar an fhuaimrian don dara sraith Netflix 13 Reasons Why[18]. D’fhoilsigh Eilish an singil “When’s the Party Over” i mí Dheireadh Fómhair 2018. Tá an t-amhrán bunaithe uirthi agus nuair a fuair sí a croíbhriste[24]. Shínigh sí conradh le Next Models agus beidh ionadaíocht ag an ghníomhaireacht di le haghaidh tacaíocht áilleachta agus faisin[25].
Chabhraigh Spotify go mór léi agus a gairm cheoil[14]. Bhí a amhrán curtha ar an seinnliosta Spotify ‘Today’s Top Hits’ agus fuair Eilish níos mó éisteoirí dá bharr. Chomh maith le sin, bhí sí an ceoltóir is óige chun billiún sruthanna a fháil ar a ceirnín leathfhada Don’t Smile at Me ag tús an bhliain 2019. D’fhoilsigh sí a tríú singil “Bury a Friend” agus bhain sí uimhir a ceathair déag sna cairteacha Meiriceánach[22] agus uimhir a haon sna cairteacha Briotanach[26]. Tá an t-amhrán léirithe ó pheirspictíocht ollphéist faoin leaba[26] agus spreag sé aeistéitiúil an albaim. Fiú le tacaíocht ó lipéad ceoil, lean Eilish ag scríobh agus ag taifeadadh lena deartháir ina stiúideo sa seomra leapa[16]. Chomh maith le peirspictíocht shonrach Eilish agus le léargas óna deartháir a bhfuil an aithne is fearr aige uirthi, baineann siad toradh deiridh amach atá úr agus sainiúil. Is é anseo a chruthaigh siad a céad albam When We All Fall Asleep, Where Do We Go?. D’fhoilsigh Eilish a céad albam i mí an Mhárta 2019[22]. Chuaigh a céad albam díreach go dtí uimhir a haon sna cairteacha Meiriceánach agus Briotanach agus ní raibh sí ach seacht mbliana déag d’aois[27]. Is í Eilish an chéad cheoltóir a rugadh san 21ú haois agus a fuair go barr na cairteacha Billboard 200. Bhí 12 de na 13 amhrán ón albam sna cairteacha 'The Hot 100'[17] agus is é sin an ceann is mó riamh do cheoltóir mná. D’fhoilsigh sí an singil “Bad Guys” i bpáirt leis an albam. Chuaigh an t-amhrán díreach go dtí uimhir a haon sna cairteacha 'The Hot 100'[17].
Thosaigh sí a camchuairt dhomhanda When We All Fall Asleep ag an fhéile Coachella i mí Aibreáin 2019[17]. Rinne sí seasca a sé ceolchoirmeacha ar fud an domhain, an Astráil, an Eoraip agus Meicsiceo san áireamh[22]. Lean an chamchuairt ar aghaidh go dtí mí na Samhna 2019. Chomh maith le sin, rinne sí seó ag an fhéile an Phicnic Leictreach[28] (Béarla: Electric Picnic) i Sráidbhaile i gContae Laoise sa samhradh 2019. Ansin i Meán Fómhair 2019, d’fhoilsigh Eilish camchuairt dhomhanda do 2020, Where do We Go?. Thosaigh an chamchuairt i mí an Márta ach bhí uirthi an chuid is mó de na dátaí a athrú mar gheall ar an ráig den Choróinvíreas sa bhliain 2020[29]. D’fhoilsigh Eilish an singil “Everything I Wanted” i mí na Samhna 2019 agus is ómóis an t-amhrán dá deartháir s’aici, Finneas[30]. Fógraíodh go bhfuil an t-amhrán aitheantais don 25ú scannán James Bond “No Time to Die” scríofa agus léirithe ag Eilish i mí Eanáir 2020[31]. Is í an duine is óige riamh a scríobh an t-amhrán aitheantais do scannán 007[22]. Bhain sí uimhir a haon sna cairteacha Briotanach leis an amhrán sin[32]. Bhuaigh Eilish cúig Grammy, an ceoltóir agus an t-amhrán nua is fearr sa bhliain san áireamh ag na Dámhachtainí Grammy 2020. Chomh maith le sin, is í Eilish an duine is óige riamh a bhuaigh Albam na Bliana do When We All Fall Asleep, Where Do We Go?[5][33].
Ealaíontacht
Stíl Cheoil, Físeáin Cheoil agus Cumadh Amhrán
Thosaigh Eilish amach ar SoundCloud, ardán atá aitheanta do cheoltóirí hip hap DFÉ. Tá go leor stíl cheoil difriúil ag Eilish ó phopcheol go dtí ceol leictreonach go dtí ceol tionsclaíoch agus fiú snagcheol[17]. Éisteann Eilish agus a deartháir Finneas le gach seánra, ó cheol nua go dtí seancheol agus is é sin an fáth go bhfuil stíl éagsúla ag Eilish, dar le Finneas. Cuireann Finneas síos ar a bpróiseas de chumadh amhrán mar ailceimic[17] agus táirgeann sé a gcuid ceoil chun béim a chur ar guth uathúil a dheirfiúr. Déanann daoine comparáid idir Eilish agus Lana Del Rey[34] mar gheall go bhfuil an tuin chéanna acu. Tá stíl ghuthach shoiléir ag Eilish agus canann sí i ráfla balbha, de réir Vox[17]. San agallamh a rinne Eilish leis an iris Rolling Stone, bhí sé léirithe ann go bhfuil a ceol i bhfad níos dorcha ná réaltaí popcheoil sna déaga[35]. Tá a ceol níos mó punc agus gotach agus saghas urchóideach i gcomparáid le réaltaí popcheoil eile[36]. Tá grá agus dúlagar, ardfhaisean agus mearfhaisean, popcheoil agus hip hap le feiceáil i gceol Eilish agus tá na hábhair seo le feiceáil sa tsochaí iar-nua-aoiseach[37]. Tá a ealaíontacht agus a guth ag dul i bhfeidhm ar ghlúin[34] agus tá pearsantacht dá chuid féin ag gach uile amhrán atá scríofa aici.
Taispeánann Eilish a chéad scileanna stiúrtha san fhíseán ceoil “Xanny” sa bhliain 2019[22]. Baineann sí úsáid as a scileanna stiúrtha arís san fhíseán ceoil “Everything I Wanted” a raibh foilsithe i mí Eanáir 2020. Tá an físeán tiomnaithe dá deartháir, Finneas[30][38].
Tionchar Ceoil
D’éist Eilish le banna ceoil cosúil le My Chemical Romance, Linkin Park, Green Day agus na Beatles nuair a bhí sí níos óige. Tharraing sí inspioráid óna bannaí ceoil seo agus tá a gcuid stíl le feiceáil i gceol Eilish. San agallamh a rinne Eilish leis an iris Rolling Stone, dúirt Eilish go raibh sí ag éisteacht le Green Day ó a bhíodh sí naoi mbliana d’aois agus go raibh sí agus a deartháir gafa leo[39]. Bhí tionchar ceoil éagsúla ag Eilish ó Tyler, the Creator agus Earl Sweatshirt go dtí Lana Del Rey agus Amy Winehouse. Is é Tyler an tionchar is mó ó thaobh an cheoil de ag Eilish[40].
Íomhá Phoiblí
Stíl Éadach agus Táirgí
Tá stíl éadach ar leith ag Eilish, caitheann sí éadaí mórá scaoilte[2]. Is fearr léi cultacha reatha atá rómhór le patrún geal a chaitheamh ar stáitse i gcomparáid le réaltaí popcheoil eile sna déaga[41]. Ba í Eilish a chuir tús le ré na saoirse cainte lena stíl éadach féin. Caitheann sí éadaí mar seo ionas nach mbeidh daoine in ann í a oibiachtú nó a thabharfaidh breithiúnas uirthi[42]. Bíonn Eilish ag caitheamh cibé rud is mian léi ionas go mbeidh gach duine in ann gléasadh ar bhealach ar bith is mian leo. Bhí sí go mór i bhfabhar a bheith compordach i do choirp féin. Rinne Eilish fógra le Calvin Klein i 2019, darbh ainm ‘I Speak My Truth in #MyCalvins’[43] agus an pointe a bhí taobh thiar den fhógra ná chun cosc a chur le náiriú faoin gcorp.
Thosaigh Eilish líne mharsantachta le Takashi Murakami i mí Aibreáin 2019[44][45]. Tá na héadaí sráide is fearr léi ar fáil sa bhailiúchán, cosúil le geansaí atá san ainmhéid agus t-léinte grafach. Chuir sí a líne mharsantachta ar fáil do pháistí freisin[46]. Thosaigh sí líne mharsantachta leis an chomhlacht H&M i mí Eanáir 2020[47]. Déanta go hiomlán as ábhair inbhuanaithe, tá t-léinte, geansaí atá san ainmhéid, agus hataí corcáin leis a lógó sainiúil orthu sa bhailiúchán éadaí.
An Timpeallacht
Baineann Eilish as a hardán chun labhairt amach i gcoinne na géarchéime aeráide[48]. D’fhoilsigh sí físeán le Woody Harrelson i gcomhar le GreenPeace[49] agus bhí an bheirt acu ag iarraidh níos mó aird a thabhairt ar athrú aeráide. Thosaigh Eilish comhpháirtíocht leis an chomhlacht Global Citizen i mí na Samhna 2019 agus bhí a lucht leanúna in ann ticéid saor in aisce a fháil leis an chomhlacht trí bheith páirteach ina ngluaiseacht timpeallacht[50]. D’fhogair Eilish go mbeidh caomhnú na timpeallachta ar siúl le linn an chamchuairt domhanda 2020 Where Do We Go?[51]. Dúirt sí go mbeidh sí ag cur cosc ar sop plaisteacha, ag iarraidh go dtógfaidh an lucht leanúna a gcuid buidéal uisce féin agus boscaí bruscair athchúrsála a chur i ngach ionad[52].
Íomhá Phearsanta
Nuair a bhí Eilish sé bliana déag d’aois, d'fhógair sí go bhfuil siondróm Tourette[22][53] aici agus rinneadh diagnóis uirthi leis an neamhord nuair a bhí sí ina páiste. Chaith Eilish an chuid is mó dá saol mar veigeatóir sular shocraigh sí glacadh go hiomlán le veigeánachas i 2014[48].
Camchuairt
Príomh-cheolchoirm
- Camchuairt Don't Smile at Me (2017)
- Camchuairt Where's My Mind (2018)
- Camchuairt 1 by 1 (2018–2019)
- Camchuairt Dhomhanda When We All Fall Asleep (2019)
- Camchuairt Dhomhanda Where Do We Go? (2020)
Mír na hOscailte
- Florence and the Machine – Camchuairt High as Hope (2018–2019)
Dioscliosta
Albaim
- When We All Fall Asleep, Where Do We Go? (2019)
- Happier Than Ever (2021)