Géarchéim airgeadais 2007-2008
Tharla an ghéarchéim airgeadais 2007-2008 nuair a phléasc an bolgán tithíochta amach sna Stáit Aontaithe agus tar éis do na bainc bheith ag tabhairt iasachtaí go doscaí (iasachtú fophríomha go háirithe).
Cineál | géarchéim airgeadais |
---|---|
Tréimhse | 2007 - |
Cúis | United States subprime mortgage crisis (en) |
Le cuid | |
Imeachtaí
Sna Stáit Aontaithe sa bhliain 2008, tar éis do na bainc a bheith ag tabhairt iasachtaí go doscaí le blianta, bhí an t-iasachtú fophríomha i dtrioblóid. I dtús na bliana 2008, bhí ag teip ar go leor gnólachtaí. Bhí an bróicéir Bear Stearns an chéad comhlacht sistéamach chun dul i mbá. Ar an 14 Márta 2008, thug an Federal Reserve iasacht $25 billiún do Bear Stearns, bróicéir dócmhainneach i Nua-Eabhrac. Ba ualach breise é ar cháiníocóirí ag an am. Rinneadh dochar do mhuinín lucht gnó agus tháinig lagmhisneach ar infheisteoirí timpeall an domhain..
Bhí daoine ar fud an domhain buailte leis. Mar shampla, in Éirinn, ar an 17 Márta 2008, nó "Sléacht Lá le Pádraig", thit luach na scaireanna Anglo-Irish 15%.
Ar an 6 Meán Fómhair 2008, ghlac rialtas SAM seilbh a ghabháil ar Fannie Mae agus Freddie Mac.[6]
Ar an 15 Meán Fómhair, chlis an gnólacht baincéireachta domhanda Lehman Brothers,[7][8]
Ar an 26 Meán Fómhair; bhí baill Páirtí na bPoblachtánach sa Chomhdháil ag cur i gcoinne cuid den Phlean Paulson[9] i gcónaí (bhí cainteanna ann fós faoi phlean tarrthála an chiste stát; moladh luach seacht gcéad billún dollar de dhrochfhiacha a cheannach).[10]
Thosaigh bainc ceannais ar fud an domhain ag cur breis airgid i gcóras airgeadais an domhain, féachaint le cuidiú leis an ngearchéim airgeadais sna margadh domhanda.
Deirtear gurb iad na himeachtaí sin (cliseadh Fannie, Freddie agus Lehman) a chuir tús leis an ngéarchéim airgeadais san Eoraip.[11] Ach tharla an cliseadh cúpla lá níos déanaí, nuair a chuaigh tarrtháil na hearnála baincéireachta i sáinn.iasachtú fophríomha
Sna Stáit Aontaithe, ar an 28 Meán Fómhair; dúirt Comhdháil na Stát Aontaithe ní bheadh ar an gcáiníocóir an difear a dhéanamh suas.[12]
Tharla "Luan Dubh an Áir" ar an 29 Meán Fómhair. Chonacthas titim mhór ar luach scaireanna airgid ar stocmhalartáin na hEorpa go háirithe agus iad ag trádáil idir 8% -18% níos ísle ná 28 Meán Fómhair.[13]
Polasaithe curtha i bhfeidhm
Beartais airgeadais
Glacadh céimeanna (a bheag nó a mhór) i ngach tír chun taisceoirí beaga a chosaint, ionas nach mbeadh ruathar ar na bainc agus daoine ag iarraidh a gcuid airgid a bhaint amach.
Polasaithe airgeadaíochta
Agus iad ag freagairt ar bhealach comhordaithe do shuaitheadh mór an mhargaidh, chuir bainc cheannais ar fud an domhain na billiúin dollar agus euro de leachtacht ar fáil do mhargaí airgeadais.
Beartais fhioscacha
Bhí an Géarchéim faoi lánseol nuair a toghadh Barack Obama don chéad uair mar uachtarán. Nuair a tháinig an rialtas nua ag tús na bliana 2009, cuireadh pacáiste ollmhór i bhfeidhm láithreach leis an ngeilleagar a spreagadh. Is mór idir é seo agus na polasaithe fioscacha san Eoraip ag an am, beartais déine.
Imeachtaí in Éirinn
Bhí brú nach beag ar na bainc in Éirinn. Nuair a chlis ar bhoilgeog na dtithe cónaithe sa tír seo, chonacthas a laige a bhí a leibhéil chaipitil agus a leabhair iasachta.
Thosaigh an scaoll bainc mór agus olléileamh ar an gcóras baincéireachta ar an 18 Meán Fómhair 2008. Ghlaoigh Lenihan an clár raidió Liveline agus labhair sé le Joe Duffy; bhí alltacht ar Lenihan ach ní raibh sé in ann an teannas a mhaolú.[14]
Ghlac an rialtas Éireannach céimeanna thar a beith mór chun na taisceoirí go léir a chosaint (fiú na taisceoirí mhóra thar lear). Mar shampla, i mí Mheán Fómhair 2008, méadaíodh Scéim Ráthaíochta Taiscí na hÉireann (SRT) ó €20,000 go €100,000 agus glacadh comhair chreidmheasa faoina coimirce den chéad uair riamh.
Ar Dé Sathairn, 27 Meán Fómhair 2008, bhí Lenihan ag na rásaí capall i bPáirc Ghabhráin, Cill Chainnigh agus an ghéarchéim airgeadais ina thine bhruite ar fud an domhain. Bhí Banc Ceannais Eorpach ag iarraidh dul i dteagmháil leis agus é thar a bheith míshásta le scéim ráthaíochta na mbanc. Ach ní raibh Lenihan le fáil chun labhairt le Jean-Claude Trichet ar an lá sin.[14]
Cúpla lá níos déanaí, tugadh isteach reachtaíocht éigeandála chun ráthaíocht gan teorainn a thabhairt do gach taisce i sé institiúid a bhí faoi úinéireacht Éireannach.
Ansin rinne an Stát na bainc a athchaipitliú, agus rinneadh Anglo Irish Bank a náisiúnú i ndeireadh na dála in 2009.
Tar éis dhá bhliain ag dul i ngleic leis an ghéarcheim airgeadais, tharls géarchéim eile sa bhliain 2010. Tháinig laghdú tubaisteach ar mhaoiniú an Stáit. Ag pointe amháin, bhí deacrachtaí ag Rialtas na hÉireann infheisteoirí a mhealladh agus rátaí úis os cionn 10%.
Ceachtanna
Léirigh an ghéarchéim airgeadais agus an meathlú eacnamaíochta gur theip ar na húdaráis, in Éirinn agus thar lear, an múnla ceart a chur ar an chóras rialúcháin airgeadais.[15]
Féach freisin
- Géarchéim bhaincéireachta na hÉireann, 2008
- Géarchéim fhioscach na hÉireann, 2010-2012
- Banc Angla-Éireannach
- Corparáid Éireannach um Réiteach Banc