Grúpa eitneach

Is éard is grúpa eitneach nó eitneacht ann ná catagóir daoine a aithníonn a chéile, de ghnáth ar bhonn cosúlachtaí toimhdithe amhail teanga chomhchoiteann, sinsearach coiteann, stair, sochaí, cultúr, náisiún nó cóireáil shóisialta laistigh dá gceantar cónaithe. .[1][2] Is minic a úsáidtear eitneacht go comhchiallaithe leis an téarma náisiún, go háirithe i gcásanna an náisiúnachais eitnigh, agus tá sé scartha ó ach bainteach le coincheap na gciníocha.

Grianghraf de na hAinu, grúpa eitneach ó oileán Hokkaido, An tSeapáin, tógtha sa bhliain 1904.

Is stádas oidhreachta é eitneacht, de ghnáth bunaithe ar an tsochaí ina gcónaíonn an duine. Is iondúil go mbíonn ballraíocht i ngrúpa eitneach sainmhínithe ag oidhreacht chultúrtha chomhroinnte, sinsearacht, miotas bunúis, stair, tír dhúchais, teanga nó canúint, córais shiombalacha cosúil le reiligiún, miotaseolaíocht agus deasghnáth, cócaireacht, stíl chóirithe, ealaín nó cuma fhisiciúil. Is minic a leanann grúpaí eitneacha ar aghaidh ag labhairt teangacha gaolmhara agus ag roinnt linn ghéinte den chineál céanna. Trí bhíthin aistrithe teanga, athchultúraithe, an uchtaithe agus tiontaithe reiligiúnaigh, is féidir le daoine aonair nó le grúpaí grúpa eitneach amháin a fhágáil agus páirt a ghlacadh i gceann eile (seachas grúpaí eitneacha a chuireann béim ar aonchineálacht nó ar íonacht chiníoch mar phríomhchritéar ballraíochta).

Is éard atá sna grúpaí eitneacha is mó ar na saolta seo ná na céadta milliún duine (na Han-Sínigh an ceann is mó), cé go bhfuil na cinn lú teoranta do roinnt dosaen daoine aonair (go leor daoine dúchasacha ar fud an domhain). Is féidir grúpaí eitneacha a fhoroinnt ina bhfoghrúpaí nó ina dtreibheanna, a d'fhéadfadh a bheith ina ngrúpaí eitneacha ar leithligh de réir a chéile mar gheall ar leithlisiú iongamas nó leithscaradh fisiciúil ón mháthair grúpa. Os a choinne sin, is féidir le heitneachtaí ar leithligh teacht le chéile chun paineitneach a chruthúa (mar shampla Han-Sínigh) agus d’fhéadfadh aon eitneacht amháin a chumasc sa deireadh. Cibé acu trí rannán nó trí chónascadh, tagraítear do bhunú grúpa eitneach ar leithligh mar eitnigineas

Téarmaíocht

Tá an téarma eitneach díorthaithe ón bhfocal Gréigise ἔθνος ethnos (níos beaichte, ón aidiacht ἐθνικός ethnikos,[3] a tugadh ar iasacht sa Laidin mar ethnicus).

"Is toisc bhunúsach i saol an duine í an eitneacht [4] : Mar sin féin, ní mheasann go leor eolaithe sóisialta, ina measc na hantraipeolaithe Fredrik Barth agus Eric Wolf, go bhfuil an fhéiniúlacht eitneacha uilíoch. Féachann siad ar an eitneacht mar tháirge de chineálacha idirghníomhaíochtaí sonracha i measc ghrúpaí, seachas saintréith riachtanach de dhlúth agus d'inneach i ngrúpaí.[5]

Leabharliosta

  • (en) David Levinson, Ethnic groups worldwide : a ready reference handbook, Oryx Press, Phoenix, Ariz., 1998, 436 p. ISBN 9781573560191
  • (fr) Jean-Loup Amselle et Elikia M'Bokolo (dir.), Au cœur de l'ethnie : ethnies, tribalisme et État en Afrique, La Découverte, Paris, 1985, 225 p. ISBN 2-7071-1524-X
  • (fr) Roland J. L. Breton, Les ethnies, Presses universitaires de France, Paris, 1981, 127 p. ISBN 9782130369066
  • (fr) Jean-Pierre Chrétien et Gérard Prunier, Les ethnies ont une histoire, Karthala, Paris, 2003, 435 p. ISBN 9782845863897
  • (fr) Guy Héraud, L'Europe des ethnies, Presses d'Europe, Paris, 1974, 324 p. ISBN 2-85505-059-6
  • (fr) Philippe Poutignat et Jocelyne Streiff‑Fenart, Théories de l'ethnicité, suivi de Les groupes ethniques et leurs frontières de Fredrik Barth, PUF, Paris, 1995, 270 p. ISBN 2130563325

Tagairtí

🔥 Top keywords: