Lus mín
Planda cumhra bliantúil a fhásann 60 cm ar airde is ea an lus mín.[1] Dúchasach don India agus iardheisceart na hÁise. Na duilleoga clúmhach, roinnte go mín i maotháin chaola líneacha. Na bláthanna buí, in umbail suas le 15 cm ar leithead. Na torthaí éilipseach, comhbhrúite go mór, dúdhonn le sciathán níos éadroime. Saothraítear mar luibh cistine é. Úsáidtear na síolta is na duilleoga mar bhlastáin.[2]
Anethum graveolens | |
---|---|
Sonraí | |
Is foinse é an tacsón seo de | dill oil (en) , dill seed oil (en) agus dill (en) |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Plantae |
Ord | Apiales |
Fine | Apiaceae |
Géineas | Anethum |
Speiceas | Anethum graveolens L., 1753 |
Tá a thuilleadh meán ag Cómhaoin Wikimediaa bhaineann le: Anethum graveolens.
Tagairtí
🔥 Top keywords: