Ola (luibheolaíocht)

Sa luibheolaíocht, sreabhán a thálann faireoga ar leith i bplandaí, go minic ag déanamh stór bia i dtorthaí is síolta cosúil le hológa, pailmeacha, ráib is líon. Táirgeann plandaí aramatacha blátholaí so-ghalaithe, go príomha i réigiúin thirime, a laghdaíonn cailliúint uisce trí thréghalú, agus b'fhéidir go gcosnaíonn siad na plandaí ó ainmhithe. Faightear olaí inite ó phlandaí éagsúla, ina measc pónairí soighe, arbhar Indiach, ológa, lusanna na réine, cnónna cócó is síol ráibe.[1]

Tagairtí

🔥 Top keywords: