Wilhelm Wien
fisiceoir Gearmánach
Fisicí a saolaíodh i nGaffken na Gearmáine ab ea Wilhelm Carl Werner Otto Fritz Franz Wien (13 Eanáir 1864 – 30 Lúnasa 1928). Rinne sé taighde ar hidridinimic, X-ghathanna agus radaíocht an tsolais. D'fhorbair sé dlí Wien, a chuireann síos ar an ngaol idir dáileadh an fhuinnimh i speictream radaíocht teasa, an tonnfhad is an teocht. Bhuaigh sé Duais Nobel na fisice i 1911. Theip ar an dlí de réir a chéile le laghdú sna tonnfhaid, rud a spreag Planck chun an teoiric chandamach a leagan amach.[1]
Tagairtí
🔥 Top keywords: