Scríbhneoir Seapánach is ea Kenzaburō Ōe (大江 健三郎 Ōe Kenzaburō a rugadh ar 31 Eanáir1935 agus a d'éag ar 3 Márta2023). Tá meas air mar údar fíorthábhachtach i litríocht chomhaimseartha na Seapáine.
D’fhág litríocht agus teoiricí liteartha na Fraince agus Mheiriceá rian suntasach ar a chuid úrscéalta, gearrscéalta agus aistí agus cuireann a shaothar síos ar chúrsaí polaitíochta, fealsúnachta agus sóisialta. Scríobh sé faoi airm núicléacha, faoi chumhacht núicléach, faoi neamhaontachas agus faoin eiseachas.
Bronnadh Duais Nobel na Litríochta air sa bhliain 1994 as cruinne a chumadh ina dtagann an saol agus an mhiotaseolaíocht le chéile agus ina dtugtar cuntas mearbhlach ar chás an duine.[1]
Rugadh é i sráidbhaile i maoracht Ehime ar oileán Shikoku agus é ar an tríú mac de sheachtar clainne. Fuair a athair bás sa Dara Cogadh Domhanda agus ba í a mháthair is túisce a thug oideachas dó. Cheannaigh sí leabhair dó, leithéid The Adventures of Huckleberry Finn, a chuaigh go mór i bhfeidhm air.[2] Dúradh leis ar scoil go raibh Impire na Seapáine ina dhia, ach tar éis an chogaidh thuig sé nach raibh bunús leis an scéal sin agus mhothaigh sé gur cuireadh an dallach dubh air. D’fhágfadh an tuiscint seo a rian ar a shaothar.[3]
Rinne sé staidéar ar litríocht na Fraince in Ollscoil Thóiceo, agus thosaigh sé ag foilsiú scéalta sa bhliain 1957. Phós sé a bhean chéile Yukari, iníon agus deirfiúr scannánaithe, sa bhliain 1960. Rinne sé turais sa tSín, san Eoraip agus sa Rúis agus bhuail sé le Jean-Paul Sartre.[4]
Tá Ōe ina chónaí i dTóiceo agus tá triúr clainne aige. Tá an mac is sine aige faoi mhíchumas inchinne, rud atá ina théama i saothar an údair.
Sa bhliain 1994 bhain sé Duais Nobel na Litríochta ach dhiúltaigh sé d’Ord Cultúir na Seapáine toisc gurb é an tImpire a bhronnann é. Dúirt sé nach ngéilleann sé d’aon údarás ach an daonlathas amháin.
Ghlac Ōe páirt i bhfeachtais síochána agus fhrithnúicléacha agus tá leabhair scríofa aige bhuamáil adamhach Hiroshima agus Nagasaki. I ndiaidh tubaiste núicléach Fukushima sa bhliain 2011 ghríosaigh sé an Príomh-Aire Yoshihiko Noda chun fhuinneamh núicléach a thréigean.
Idir na blianta 1958 agus 1961 d’fhoilsigh Ōe roinnt leabhar a bhain feidhm as meafair chollaí chun cur síos ar fhorghabháil na Seapáine. Cháin a lán léirmheastóirí gáirsiúlacht na scéalta seo, cé go raibh bunús ealaíonta léi.Ina dhiaidh sin, idir na blianta 1961 agus 1964, thug sé aird ar shaol na gcoirpeach. Tá rian an eiseachais agus litríocht na rógairí ar na leabhair seo agus frithlaochra iontu atá in ann an saol a lochtú toisc go bhfuil siad ar imeall an tsaoil sin.[5]
Sa bhliain 2005 d’agair beirt athoifigeach Sheapánacha an dlí ar Ōe as clúmhilleadh a dhéanamh in Nótaí Okinawa, aiste a scríobh sé sa bhliain 1970 agus é á mhaíomh gur thug saighdiúirí Seapánacha ar a lán sibhialtach in Okinawa lámh a chur ina mbás féin nuair a rinne na Comhghuaillithe ionradh ar an oileán. Sa bhliain 2008 chaith Cúirt Dúiche Osaka an cúiseamh amach.[6]