Aflatocsain
Tocsain a tháirgeann an múirín Aspergillus flavus, a fhaightear go coitianta ar phiseanna talún, pónairí soighe, síol cadáis, cruithneacht, eorna, sorgam agus cnónna de shaghas cnó piostáise, almóinn is síol cócó, nuair a bhíonn an aeráid fabhrach dá fás. I 1960 bhí eipidéim sna Stáit Aontaithe de ghalar turcaí-X de bharr turcaithe a bheith cothaithe le piseanna truaillithe talún. I measc na siomptóm ab fhacthas ar na turcaithe bhí caillteanas meáchain is comheagair, trithí is fiú bás. Déanann sí dochar don ae, agus fiú más dáileog bheag di é, bíonn baol ann go bhfaighidh duine ailse san ae ach í sa bhia le fada is ite go rialta.[1]
Substaint cheimiceach | group of chemical entities (en) |
---|---|
Ról | nimh |
Guais | |
Dáileog mharfach airmheánach | 2 mg/kg (babún) 0.6 mg/kg (cat) 5 mg/kg (Homo sapiens) |
Tagairtí
🔥 Top keywords: