Almóinn
Crann beag duillsilteach a bhíonn spíneach uaireanta, dúchasach don Áise. Fásann sí go hairde 8 m. Na duilleoga ubhchruthach caol fiaclach. Na bláthanna bándearg, ag teilgean go bán is ag teacht amach roimh na duilleoga. Na torthaí liath maoth ubhchruthach. An bia leathrúil tanaí timpeall ar chloch phollta. Is foinse cnónna inite an almóinn mhilis. Níl almóinn shearbh inite, ach soláthraíonn sí ola a úsáidtear sa tionsclaíocht. Gné eile arís is ea an almóinn bhláfar mhaisithe.[1]
Prunus amygdalus | |
---|---|
Sonraí | |
Is foinse é an tacsón seo de | almond (en) , almond oil (en) agus almond tree wood (en) |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Plantae |
Ord | Rosales |
Fine | Rosaceae |
Treibh | Amygdaleae |
Géineas | Prunus |
Speiceas | Prunus amygdalus (Batsch, 1801) |
Ainmníocht | |
Ainm comhchiallach an tacsóin |
Tagairtí
🔥 Top keywords: