An Chróitis

teanga

Teanga Shlavach is ea an Chróitis a labhraítear sa Chróit. An teanga scríofa oifigiúil a úsáidtear, níl ann go bunúsach ach leagan den tSeirbea-Chróitis, ach le déanaí, táthar ag iarraidh an teanga a fhorbairt ina treo féin agus a dhéanamh níos difriúla leis an tSeirbis agus le leaganacha réigiúnacha eile den tSeirbea-Chróitis.

Infotaula de llenguaAn Chróitis
hrvatski jezik agus hrvatski

Cineálpluricentric language variant (en) Aistrigh agus standard variety (en) Aistrigh
Úsáid
Cainteoirí dúchais7,000,000
Dúchasach doBurgenland, An Ostair Íochtarach, Vín, an Chróit agus Montainéagró
Stáitan Chróit, An Bhoisnia-Heirseagaivéin, an tSeirbia, Montainéagró, an Ostair, an Ungáir, an Iodáil, an Rómáin, an tSlóvaic, an tSlóivéin agus Poblacht na Seice
Aicmiú teangeolaíoch
teanga dhaonna
teangacha Ind-Eorpacha
teangacha Bailt-Slavacha
teangacha Slavacha
teangacha Slavacha deisceartacha
Western South Slavic (en) Aistrigh
an tSeirbea-Chróitis
Shtokavian (en) Aistrigh
Eastern Herzegovinian (en) Aistrigh
Tréithe
Córas scríbhneoireachtaGaj's Latin alphabet (en) Aistrigh agus aibítir Ghlagalach
Institiúid caighdeánaitheInstitute of Croatian Language and Linguistics (en) Aistrigh
Staidéar agCroatian studies (en) Aistrigh
Cóid
ISO 639-1hr
ISO 639-2hrv
ISO 639-3hrv
Glottologcroa1245
Ethnologuehrv
ASCL3503
IETFhr

Cosúil leis an tSeirbis, tá an Chróitis chaighdeánaithe bunaithe ar an gcanúint úd štokavski. Tá dhá mhórchanúint eile le cloisteáil sa Chróit, kajkavskiagus čakavski. Ní labhraítear an dá cheann deireanacha ach sa Chróit. Mar sin féin, maireann na Crótaigh féin ag baint úsáide as leagan den chanúint štokavski.

Ceann de na rudaí a bhíonn difriúil i dtíortha éagsúla na Seirbea-Chróitise is ea an dóigh ar fhorbair an guta ar a dtugann lucht an léinn Shlavaigh yat´, nó sin é an t-ainm atá ar an litir a sheasann don ghuta seo i seanleagan na haibítre Coireallaí - ѣ an litir. Glactar leis gur [æ] fada a bhí ann - an guta a chloisfeá ag muintir Chonamara san fhocal Gaeilge úd bean. I bhfo-chanúintí difriúla štokavski, rinneadh ije/je, ei den ghuta seo, agus is féidir an leagan ijekavski (ije/je) nó ekavski (e) a chleachtadh sa teanga scríofa. Úsáidtear ije agus je sa Chróitis chaighdeánach, agus seasann ije don ghuta fhada, je don ghuta ghairid. Mar sin féin, tá siad ann a deir nach bhfuil an difríocht seo le cloisteáil i ngnáthchaint na Cróite ar aon nós, agus gur chóir ieje a úsáid don dá rud.

Samplaí: vjetar/vetar "gaoth", mlijeko/mleko "bainne", htjeti/hteti "rud a bheith ag teastáil uait", dijete/dete "páiste".

Ní ghlactar ach leis an leagan ijekavski sa Chróitis. Tugann an tSeirbis aitheantas don dá leagan, ós rud é go bhfuil an dá chanúint á labhairt sna críocha "Seirbiacha", ach is é an leagan ekavski is mó a shamhlaítear leis an tSeirbia.

Tá an Chróitis níos seachantaí i leith na bhfocal iasachta ná an tSeirbis. Mar shampla, tugtar ainmneacha Laidine ar mhíonna na bliana sa tSeirbis, ach is fearr leis na Crótaigh na hainmneacha Slavacha. Thairis sin, bíonn na téarmaí reiligiúnacha an-difriúil sa dá theanga: bíonn na Crótaigh ina gCaitlicigh agus na Seirbiaigh ina nOrtadocsaigh, rud a chiallaíonn go bhfuair siad téarmaíocht na Críostaíochta as foinsí difriúla.

Labhraítear canúintí Cróitise san Ostair (Cróitis Bhurgenland) agus san Iodáil (Cróitis Mholise). Ní bhaineann na dreamanna seo úsáid as caighdeán na Cróite, ach as leagan caighdeánaithe a gcanúna féin - is í an chanúint štokavski atá i gceist i Molise; i mBurgenland, labhraítear an chanúint čakavski.

Aibítir

A aB bC cČ čĆ ćD dĐ đ
Dž džE eF fG gH hI iJ j
K kL lLj ljM mN nNj njO o
P pR rS sŠ šT tU uV v
Z zŽ ž(ie)(ŕ)
Canúintí na Cróitise

Focail

GaeilgeBéarlaSoirbis UachtarachCróitisSeirbis
comparáidComparisonPřirunanjeUsporedbaПоређење (Poređenje)
an EoraipEuropeEuropaEuropaЕвропа (Evropa)
an ÍsiltírNetherlandsNižozemskaNizozemskaХоландија (Holandija)
IodálaighItaliansItalčenjoTalijaniИталијани (Italijani)
cruinneUniverseUniwersum, swětnišćoSvemirВасиона (Vasiona)
dromlachSpineRjapKralježnicaКичма (Kičma)
aerAirPowětrZrakВаздух (Vazduh)
oideachasEducationKubłanje, wukubłanjeOdgojВаспитање (Vaspitanje)
seachtainWeekTydźeńTjedanСедмица (Sedmica)
stairHistoryStawiznyPovijestИсторија (Istorija)
brístePantaloonsCholowyHlačeПанталоне (Pantalone)
bolgBellyBrjuchTrbuhСтомак (Stomak)
eolaíochtScienceWědaZnanostНаука (Nauka)
go pearsantaPersonallyWosobnjeOsobnoЛично (Lično)
pearsaPersonaWosobaOsobaЛице (Lice)
na Náisiúin AontaitheUnited NationsZjednoćene narodyUjedinjeni NarodiУједињене Нације (Ujedinjene Nacije)
aránBreadChlěbKruhХлеб (Hleb)
saorgaArtificialKumštnyUmjetnoВештачки (Veštački)
croisCrossKřižKrižКрст (Krst)
daonlathasDemocracyDemokratijaDemokracijaДемократија (Demokratija)
lorgaireachtDetectionSpóznaćeSpoznajaСазнање (Saznanje)
oileánIslandKupaOtokОстрво (Ostrvo)
oifigeachOfficerOficěrČasnikОфицир (Oficir)
trácht ar bhóithreRoad trafficNadróžny wobchadCestovni prometДрумски саобраћај (Drumski saobraćaj)
mótarbhealachMotorwayAwtodróhaAutocestaАутопут (Autoput)
fadLengthDołhosćDuljinaДужина (Dužina)
comhlachasAssociationAsociacijaUdrugaУдружење (Udruženje)
monarchaFactoryFabrika, twornjaTvornicaФабрика (Fabrika)
ginearáltaGeneralPowšitkownyOpćeОпште (Opšte)
CríostChristChrystusKristХристос (Hristos)
Tá brón ormI'm sorryWodajće prošuOprostiИзвини (Izvini)
caighdeán teanga dhúchaisNative language standardMaćernorěčny standardMaterinski jezični standardМатерњи језички стандард

Tagairtí

🔥 Top keywords: