Easóg
Cineál ainmhí beag feoiliteach í an easóg[1] (Mustela herminea).[2] Ainmneacha Gaeilge eile iad eas, beainín uasal agus cailín uasal. Bíonn na heasóga le fáil sna réigiúin mheasartha, fho-Artacha agus Artacha san Eoraip, san Áise agus i Meiriceá Thuaidh. Tugadh roinnt acu go dtí an Nua-Shéalainn freisin le srianta a chur leis na coiníní a bhí ag rith damhsa ar fud na n-oileán.[3]
Mustela erminea | |
---|---|
Sonraí | |
Tréimhse iompair | 9.5 míosa |
Príomhfhoinse bia | coinín |
Is foinse é an tacsón seo de | mionvéir agus eirmín |
Ionchas saoil | 5 bliain |
Tréimhse saoil is faide | 12.5 bliain |
Gnáthóg | caschoill agus foraois |
Airde | 0.2475 m |
Mais | 0.219 kg (meáchan fásta) |
Meánlíon in ál | 6 |
Stádas caomhnaithe | |
Speiceas is lú imní | |
UICN | 29674 |
Tacsanomaíocht | |
Ríocht | Animalia |
Fíleam | Chordata |
Aicme | Mammalia |
Ord | Carnivora |
Fine | Mustelidae |
Géineas | Mustela |
Speiceas | Mustela erminea Linnaeus, 1758 |
Léarscáil de raon an tacsóin | |
Ceantair eindéimeacha |
Bíonn na heasóga amuigh istoíche nó le creapascal an lae. Uaireanta, d'fheicfeá ceann acu de lá freisin.[4]
Maraíonn an easóg feithidí, coiníní, creimirí cosúil le luchóga agus francaigh, éanacha, agus uaireanta, éisc.[2] Tá an easóg in ann ainmhithe is mó ná í féin a mharú. Nuair is féidir léi níos mó ainmhithe a mharú ná a ithe, cuireann sí an farasbarr acu i dtaisce le haghaidh na coise tinne.
Tugann an easóg an-aire dá chríoch féin, agus í ag cur ruaigeadh ar na heasóga eile den ghnéas chéanna a chastar uirthi taobh istigh dá raon. Bíonn níos mó ná aon phluais aici taobh istigh dá raon, agus is minic a bhaineann sí úsáid as pluaiseanna na n-ainmhithe a mharaíonn sí. Cé go bhfuil an easóg chomh beag is atá, tá an baineannach an-fhada ag iompar clainne, mar atá, aon mhí déag. Luíonn sé le réasún nach féidir leis an easóg ach aon ál amháin a bhreith in aghaidh na bliana.[5]
Bíonn an easóg donn, ach i dtíortha ina mbíonn sé ag síobadh sneachta sa gheimhreadh, iompaíonn an easóg bán le nach n-aithneofaí thar an sneachta í.[6]