Pis
Is glasra í an phis. Tagann sí ó phlanda bliantúil dreaptha a fhásann 2 m ar airde, dúchasach do dheisceart na hEorpa is tuaisceart na hAfraice. Na duilleoga le 1-3 duilleoigín ubhchruthach le teannóg ghéagach fhoirceannta. Na bláthanna suas le 3.5 cm ar fhad, bán, bándearg nó scothchorcra i gcrobhaingí beaga le 1-3 bhláth an ceann. Na cochaill suas le 12 cm ar fhad, leathfhada, suas le 10 síol iontu. Saothraithe ón aimsir réamhstairiúil ar son na síolta inite (na piseanna) a itear mar ghlasra úr, triomaithe, oighrithe, nó stánaithe. An-chuid cineálacha saothraithe, ina measc an phis bheag (petit pois) is an mange-tout ina n-itear an capsúl iomlán.[1]
Pisum sativum | |
---|---|
Sonraí | |
Is foinse é an tacsón seo de | pea (en) |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Plantae |
Ord | Fabales |
Fine | Fabaceae |
Treibh | Fabeae |
Géineas | Pisum |
Speiceas | Pisum sativum L., 1753 |
Tá a thuilleadh meán ag Cómhaoin Wikimediaa bhaineann le: Pisum sativum.
Tagairtí
🔥 Top keywords: