Sirius
Sirius nó Sotis nó Réalt an Mhadaidh: an réalt is gile ar an spéir, agus í suite i réaltbhuíon an Mhadaidh Mhóir. Tá Sirius cóngarach go maith dúinn - ocht solasbhliain go leith - agus siúd is go bhfuil sí níos gile agus níos mó ná an Ghrian, ní fathachréalt í ar aon nós. Gnáthréalt de chuid an phríomhsheichimh atá inti, go bunúsach.Mar sin féin, tá rún nó dúthomhas ag baint le Sirius: tá cuid mhaith foinsí stairiúla ó réalteolaithe na seanBhabalóine go dtí na Meánaoiseanna ar aon fhocal gur réalt dhearg a bhí i Sirius lena lá féin. Ní réalt dhearg atá i Sirius mar is aithin dúinn inniu í, ach réalt bhán. Fuarthas amach ins an naoú haois déag go bhfuil leathbhádóir ag Sirius - an abhacréalt bhán ar a dtugtar Sirius B inniu. Ós abhacréalt bhán atá inti, is seanréalt í a bhí ina fathachréalt dhearg roimhe seo, agus nuair a bhí, is follasach go raibh sí in ann léaró bán Sirius (nó Sirius A) a bháthadh lena loinnir dhearg. Ní féidir linn an t-athrú tobann ó réalt dhearg go réalt bhán a mhíniú mar sin féin, nó ní bhíonn na fathachréaltaí dearga ag caochló go habhacréaltaí bána taobh istigh de mhíle bliain - bíonn na hathruithe ins an spéir ag teacht i gcrann i bhfad níos moille ná sin.
Naisc sheachtracha
- Yale Bright Star Catalog
- an Madra Mór ar shuíomh Robin Gatter Curtha i gcartlann 2006-05-08 ar an Wayback Machine
- Star Tales de chuid Ian Ridpath
- an Madra Mór agus miotaseolaíocht an Domhain Curtha i gcartlann 2006-07-19 ar an Wayback Machine
- an Madra Mór ar shuíomh Richard Dibon-Smith
- Peoria Astronomical Society: an Madra Mór Curtha i gcartlann 2006-06-15 ar an Wayback Machine
- The Deep Photographic Guide to the Constellations: an Madra Mór