Imran Khan
Polaiteoir na Pacastáine agus iar-chaptaen cruicéid is ea Imran Ahmad Khan Niazi. Rugadh é i Lahore, Puinseáb ar an 5 Deireadh Fómhair 1952.
Bhí sé ina Phríomh-Aire ar an bPacastáin ó 18 Lúnasa 2018 - 10 Aibreán 10 2022
Ar 3 Samhain 2022, lámhachadh Khan sa chos i gcathair Wazirabad in oirthear na tíre. Bhí sé ag tabhairt óráide ag slógadh polaitíochta ag an am, nuair a scaoil gunnadóir urchar leis. Iarracht feallmharaithe a bhí ann. Bhí Khan chun tosaigh ag an slógadh polaitíochta a bhí ag éileamh go reachtáilfí toghchán tobann.[1]
Féach freisin
Tagairtí
🔥 Top keywords: