Grúpaí an tábla pheiriadaigh

Séard atá i gceist le grúpa sa chomhthéacs seo ná colún ceartingearach i dtábla peiriadach na ndúl ceimiceach. Tá ocht ngrúpa déag sa tábla peiriadach; níl uimhreacha ar na colúin f-bhloc (idir grúpaí 2 agus 3). Tá tréithe fisiciúla nó ceimiceacha comhchosúla ag na dúile i ngrúpa sna leictreonscealla is forimeallaí dá n-adamh (i.e., an croí-lucht céanna), toisc go bhfuil lámh in uachtar ag suíomh fithiseach an leictreoin is forimeallaí ar fhormhór na n-airíonna ceimiceacha.

Tábla peiriadach simplí

Tá an córas uimhrithe nua-aimseartha “grúpa 1” go “grúpa 18” molta ag Aontas Idirnáisiúnta na Glan-Cheimice agus na Ceimice Feidhmí (AIGCF) ó thart ar 1990. Tagann sé in ionad dhá scéim ainmniúcháin neamh-chomhoiriúnach níos sine, a úsáideann an tSeirbhís Achomaireacht Cheimiceach (SAC), (nó CAS sa Bhéarla, ar a mbíonn níos mó éilimh sna SA air), agus ag AIGCF roimh 1990 (níos mó éilimh san Eoraip). De ghnáth glacann pobal na ceimice le córas na ɲ-ocht ngrúpa déag, ach tá easaontas éigin ann faoi bhallraíocht roinnt dúl. Den chuid is mó baineann easaontais le dúil uimhir 1 agus 2 (hidrigin agus héiliam), chomh maith le miotail thrasdultacha istigh.

Is féidir grúpaí a shainaithint freisin ag baint úsáide as an dúil is airde ̈(in uachtar̠) atá acu, nó ainm sonrach a bheith acu. Mar shampla, déantar cur síos ar ghrúpa 16 freisin mar an "grúpa ocsaigine" agus mar na "calcaiginí". Eisceacht is ea an “grúpa iarainn”, a thagraíonn de ghnáth do “ghrúpa 8”, ach sa cheimic d’fhéadfadh go gciallódh sé iarann, cóbalt, agus nicil, nó sraith de dhúile eile a bhfuil airíonna ceimiceacha comhchosúla acu. San réaltfhisic agus san fhisic núicléach, tagraíonn sé de ghnáth d’iarann, cóbalt, nicil, cróimiam, agus mangainéis.

AIGCF reathaAIGCF sean
(An Eoraip)
Córas SAC
(Meiriceá Thuaidh)
Ainm a úsáidtearAinm de réir na dúileNóta
Grúpa 1IAIAMiotail alcaileachaColún na hidrigin (nó an litiam)Ní mheastar gur miotal alcaileach í an hidrigin, atá sa cholún seo. Is gnách í a aicmiú in éineacht leis na miotail alcaileacha, toisc go bhfuil aon leictreon amháin ar an leictreonsceall s'aici, díreach mar atá ag na miotail sin ar an leicteonsceall is faide amuigh.
Grúpa 2 IIAIIA Miotail Chré-alcaileachaColún an bheirilliam
Grúpa 3 IIIAIIIBmiotail thearc-chré Colún an scaindiam Athraíonn comhdhéanamh an ghrúpa seo de réir na n-údar: más é an dúil den chéad dá pheiriad scaindiam agus itriam i gcónaí, is iad an lúitéitiam agus an láirinciam , nó an lantanam agus an achtainiam , an chéad dá pheiriad eile.
Grúpa 4IVAIVBColún an tíotáiniam
Grúpa 5VAVBColún an vanaidiam
Grúpa 6VIAVIBColún an chróimiam
Grúpa 7VIIAVIIBColún na mangainéise
Grúpa 8VIIIVIIIBColún an iarainn
Grúpa 9VIIIVIIIBColún an chóbailt
Grúpa 10VIIIVIIIBColún na nicile
Grúpa 11IBIBColún an chopair
Grúpa 12IIBIIBColún na since
Grúpa 13IIIBIIIAColún an bhóróin
Grúpa 14IVBIVAColún an charbóin
Grúpa 15VBVAPnictiginíColún na nítrigineTugann an AIGCF faomhadh don téarma pnictigin ach is beag úsáid a bhaintear as
Grúpa 16VIBVIAcalcaiginíColún na hocsaigineTugann an AIGCF faomhadh don téarma calcaigin ach is beag úsáid a bhaintear as
Grúpa 17VIIBVIIAhalaiginíColún an fhluairín
Grúpa 18OVIIIAtriathgháisColún an héiliam (nó an neoin)

Seo iad a leanas grúpaí an tábla pheiriadaigh:

  • Grúpa 1 (IA,IA): na miotail alcaileacha
  • Grúpa 2 (IIA,IIA): na miotail chré-alcaileacha
  • Grúpa 3 (IIIA,IIIB): grúpa an scaindiam. Is iad na "miotail tearc-chré" nó na "tearcithreacha" ná an scaindiam, an t-ittriam agus na lantainídí in éineacht.
  • Grúpa 4 (IVA,IVB): grúpa an tíotáiniam
  • Grúpa 5 (VA,VB): grúpa an vanaidiam
  • Grúpa 6 (VIA,VIB): grúpa an chróimiam
  • Grúpa 7 (VIIA,VIIB): grúpa na mangainéise
  • Grúpa 8(VIII): grúpa an iarainn. Uaireanta, tugtar "na miotail iarannchosúla" ar an tsraith uachtair sa ghrúpa seo agus "na miotail phlatanamchosúla" ar na sé cinn eile.
  • Grúpa 9 (VIII): grúpa an chóbailt
  • Grúpa 10 (VIII): grúpa na nicile
  • Grúpa 11 (IB,IB): grúpa an chopair, nó na miotail mhona (ní mholann Aontas Idirnáisiúnta na gCeimiceoirí, IUPAC, an dara hainm seo a úsáid)
  • Grúpa 12 (IIB,IIB): grúpa na since
  • Grúpa 13 (IIIB,IIIA): grúpa an bhoróin
  • Grúpa 14 (IVB,IVA): grúpa an charbóin
  • Grúpa 15 (VB,VA): grúpa na nítrigine (ní ghlacann Aontas Idirnáisiúnta na gCeimiceoirí leis an ainm "na pnioctaiginí", cé go bhfeictear sa Bhéarla uaireanta é)
  • Grúpa 16 (VIB,VIA): grúpa na hocsaigine, nó na cailciginí
  • Grúpa 17 (VIIB,VIIA): na halaiginí
  • Grúpa 18 (Grúpa 0): na triathgháis
🔥 Top keywords: