Pussy Riot
Is banna rac-cheoil Rúiseach feimineach é Pussy Riot a chasann punc-rac, mar agóid de ghnáth. Tá siad lonnaithe i Moscó. Cuireadh an banna ar bun sa bhliain 2011, agus go dtí seo tá timpeall is 11 bean a bhí nó atá páirteach ann,[1] ó 20 go 33 bliana d'aois.[2] Tá roinnt "treall-léirithe" curtha i gcrích acu in áiteanna poiblí neamhghnácha agus a bhí gríosaitheach, gan chead agus curtha ar an Idirlíon ina dhiaidh sin i bhfoirm físeán ceoil.[3] Ar na téamaí liriceacha acu tá feimeanachas, cearta LADT, agus a gcur i gcoinne Vladimir Putin, uachtarán géagláidir na Rúise.[2] Cuireann siad a spotsholas ar an gceangal idir Putin agus ceannairí Eaglais Cheartchreidmheach na Rúise.[4]
(2012) | |
Ainmnithe in ómós | pit agus círéib |
---|---|
Sonraí | |
Cineál | racbhanna comharghrúpa gníomhaí ar son chearta na mban |
Foirm dlí | |
Dáta a bunaíodh | 2011, Moscó |
Ócáid shuntasach | |
30 Iúil 2012-23 Nollaig 2013 | Pussy Riot trial (en) |
Gníomhaíocht | |
Tréimhse oibre | 2011 – 2015 |
Seánra | Punc-rac, taibhealaín, riot grrrl, punc crua, Oi! agus popcheol |
Le cuid | |
Eile | |
Gradam a fuarthas
| |
Suíomh gréasáin | pussyriot.love |
Ar 21 Feabhra 2012, rinne cúigear den ghrúpa stáitiú ceoil in Ardeaglais Chríost Slánaitheoir i Moscó.[5] Sa deireadh chuir oifigigh slándála de chuid na heaglaise críoch leis an léiriúchán. Mhaígh na mná go raibh siad ag agóid i gcoinne an tacaíocht a thug an Eaglais Cheartchreidmheach do Putin le linn a fheachtas toghcháin. Ar 3 Márta 2012, gabhadh beirt den ghrúpa, Nadezhda Tolokonnikova agus Maria Alyokhina, agus cuireadh amhasóireacht ina leith. Gabhadh duine eile ón ghrúpa, Yekaterina Samutsevich, ar 16 Márta. Séanadh bannaí dóibh, agus coimeádadh faoi ghlas iad gur thosaigh a dtriall go déannach i mí Iúil. Ar 17 Lúnasa 2012, ciontaíodh an triúr i gcoir "na hamhsóireachta agus í spreagtha ag fuath reiligiúin", agus gearradh dhá bhliain príosúnachta an duine orthu.[6][7][8] Ar 10 Deireadh Fómhair i ndiaidh achomhairc i gcoinne na breithe, ligeadh Samutsevich saor ar promhadh agus an bhreith ina coinnese curtha ar fionraí. Sheas an chúirt le breith an bheirt bhan eile.[9]
Cáineadh na breitheanna i gcoinne Pussy Riot go forleathan ar fud an domahin,[10] san Iarthar go háirithe. Sheas grúpaí cearta daonna mar Amnesty International an fód ar son na mban; "príosúnaithe coinsiasa" a thug AI orthu.[11]. Thug lucht an cheoil agus na siamsaíochta tacaíocht dóibh.[12] Ní rabhthas chomh báúil leis na mná sa Rúis féin, áfach, agus an tríú cuid de na Rúisigh i bhfabhar bhreith na cúirte.[13][14] ar 13 Nollaig 2013, i ndiaidh 21 mí dá bpríosúnacht a chur isteach, ligeadh Tolokonnikova agus Alyokhina saor, tar éis do Duma an Stáit maithiúnas a mholadh.[15]
I mí Feabhra na bliana 2014, fógraíodh i ráiteas gan ainm ach ar son ball den ghrúpa nach raibh Alyokhina agus Tolokonnikova ina baill de a thuilleadh.