Bolgach Moncaí
Is galar tógálach víreasach í an bholgach moncaí a thagann ar ainmhithe áirithe, daoine san áireamh.[1] Is iad fiabhras, tinneas cinn, pianta matáin, nóid limfe atá, agus tuirse na comharthaí is luaithe.[2] Ina dhiaidh sin tagann gríos ar an othar ar a dtagann spuaiceanna agus gearb.[2] 10 lá an tréimhse is tipiciúla ó theagmháil go tús na gcomharthaí.[2] De ghnáth maireann na comharthaí idir dhá agus ceithre seachtaine.[2]
Cineál | galar víreasach tógálach, Poxviridae infectious disease (en) , zónóis agus galar |
---|---|
Eapainm | moncaí |
Speisialtacht leighis | galair thógálacha |
Cóireáil chliniciúil | |
Comharthaí | spuaic, fiabhras, tinneas cinn, miailge, scornach nimhneach, liomfadanapaite agus tochas |
Scrúduithe | scrúdú fisiciúil, micreascóp solais, leictreonmhicreascóp agus imoibriú slabhrúil polaiméaráise |
Cógais | |
Pataigineas | |
Tarchur pataigineach | tras-seoladh aeriompartha, contact transmission (en) , ionfhabhtú braoiníneach agus fomite transmission (en) |
Cúis | Monkeypox virus |
Aicmiú | |
ICD-10 | B04 |
ICD-9 | 059.01 |
CIAP | A76 |
Acmhainní seachtracha | |
eMedicine | 1134714 |
MeSH | D045908 |
UMLS CUI | C0276180 |
DOID | DOID:3292 |
Stair
Sa bhliain 1958 a aithníodh an bholgach moncaí den chéad uair, i measc mhoncaí saotharlainne i gCóbanhávan na Danmhairge.[3] Ní stór nádúrtha an víris iad moncaithe.[4] Thángthas ar na chéad chásanna i ndaoine in 1970 i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó.[3]
Rianaíodh ráig sna Stáit Aontaithe in 2003 ar ais go siopa peataí inar díoladh creimirí a iompórtáladh ó Ghána iad.[5]
Comharthaí
Is iad fiabhras, tinneas cinn, pianta matáin, at sna nóid limfe, agus tuirse na comharthaí is luaithe.[6] Bíonn an galar cosúil leis an deilgneach, an bhruitíneach agus an bholgach Dé ar an taobh amuigh ar tús, ach aithnítear an bholgach moncaí ar at suntasach na bhfaireog.[6] De ghnáth bíonn sé seo le feiceáil in aice leis an gcluas agus leis an bhfód, sa mhuineál, nó sa bhléin roimh thús an ghrís.[7]
Tar éis cúpla lá fiabhrais, is gnách go bhfeictear loit ar an aghaidh sula dtagann siad ar áiteanna eile, na lámha agus na cosa mar shampla.[6] Is minic a thagann loit ar na bosa, ar na boinn, sa bhéal, ar na giniúna agus sna súile freisin.[6] D'fhéadfadh an duine atá buailte fanacht tinn idir dhá agus ceithre seachtaine.[2]
Scaipeadh
Tagann an víreas isteach sa chorp trí chraiceann briste (fiú mura bhfuil sé le feiceáil), nó na seicní múcasacha (súile, srón nó béal) don chuid is mó. Ceaptar go scaiptear ó dhuine go duine é trí dhlúth-theagmháil le duine ionfhabhtaithe. Is féidir é a tharchur ó ainmhí go duine tarlú trí ghreim nó scríobadh, ullmhú feola fiáine, teagmháil dhíreach le sreabháin choirp nó fíochán loit, nó teagmháil indíreach le fíochán loit, trí leapachas éillithe mar shampla.[8]
Ráig sa bhliain 2022
Idir Bealtaine-Iúil 2022, bhí 16,000 cás dearbhaithe ar fud an domhain.[9] Thosaigh an ráig seo sa Ríocht Aontaithe i mí na Bealtaine 2022, agus tharla an líon is mó cásanna sa Bhreatain.
Dhearbhaigh an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú gur taifeadadh cúpla céad cás den bholgach moncaí faoi Bhealtaine 2022, taobh amuigh de thíortha ina bhfuil an víreas eindéimeach. B'shin é an chéad uair a tuairisicíodh cásanna den ghalar san Eoraip nach raibh aon nasc eipidéimeolaíochta acu le hiarthar nó lár na hAfraice.[10] Bhí cás amháin ar a laghad den bholgach moncaí taifeadta i mbreis agus dosaen tír nach mbeadh aon tsúil leis an ngalar, ar tíortha Eorpacha a bhformhór. Deimhníodh cásanna i roinnt tíortha san Eoraip agus i Meiriceá Thuaidh, chomh maith leis an Astráil agus Iosrael ina measc.[11][12]
Tá formhór de na cásanna deimhnithe sa phobal homaighnéasach.[13]
Tá vacsaín ar fáil.
Bolgach moncaí in Éirinn
Bhí an chéad chás den bholgach moncaí in Éirinn taifeadta sa Tuaisceart ar 26 Bealtaine 2022.[10]
Ar 27 Iúil 20222, dúirt an tAire Sláinte, Stephen Donnelly go raibh 70 cás de bholgach an mhoncaí atá sa Stát agus go raibh vacsaíní breise á soláthar.[9]