Cluichí Oilimpeacha

Is eachtra spóirt idirnáisiúnta iad na Cluichí Oilimpeacha a bhíonn ar siúl gach ceithre bliana. Imrítear go leor spórt éagsúla sna cluichí, agus tá cluichí ar leith ann do spóirt an tSamhraidh agus spóirt an Gheimhridh. Bunaíodh na Cluichí Oilimpeacha in Oilimpia na Sean-Ghréige, agus athbhunaíodh iad arís sa Fhrainc ag deireadh an 19ú haois.

Na cúig fháinne Oilimpeacha

Sa inniu, is é Coiste Idirnáisiúnta na gCluichí Oilimpeacha a eagraíonn na cluichí nua-aimseartha.

Éire

Peil i bPáras sa bhliain 1900

Ba faoi ainm na Breataine a rinne Éireannaigh iomaíocht ag Cluichí Oilimpeacha na hAithne sa bhliain 1896, i bPáras i 1900 agus in St. Louis i 1904.[1]

John J. Daly, buaiteoir in St. Louis sa bhliain 1904

Faoin am a dtáinig 1908 bhí roinnt de lúthchleasaithe na hÉireann ag éileamh go bhfaigheadh siad cead iomaíochta ar son a dtíre féin. Diúltaíodh dóibh, ach nuair a bhuail faitíos an lucht eagair go ndéanfadh na hÉireannaigh baghcat ar an ócáid, thoiligh siad ‘Great Britain and Ireland’ a thabhairt ar an bhfoireann. Ceadaíodh foireann haca agus foireann póló de chuid na tíre seo sa gcomórtas freisin mar chuid den réiteach.

Cé nár shásaigh sin chuile dhuine bhí roinnt áithrid Éireannach a bhí sásta dul san iomaíocht agus faoin am a raibh na Cluichí thart bhí 23 bonn Oilimpeach buaite ag lúthchleasaithe a saolaíodh sa tír seo.

Na cluichí nua-aimseartha

Sa tábla seo tá sonraí na gcluichí ó 1896 (nuair a athbhunaíodh na cluichí) go dtí na cluichí is déanaí, chomh maith leis na cluichí atá deimhnithe as seo amach. Cealaíodh na cluichí i 1916, 1940 agus 1944 mar gheall ar na cogaí domhanda a bhí ar siúl.

BliainCluichí an Oilimpiaid (Cluichí Oilimpeacha an tSamhraidh)Cluichí Oilimpeacha an Gheimhridh
CluichíÓstchathairTírCluichíÓstchathairTír
1896IAn Aithin (1)An Ghréig (1)
1900IIPáras (1)An Fhrainc (1)
1904IIISt. Louis (1)S.A.M. (1)
1906IdirsháiteAn AithinAn Ghréig
1908IVLondain (1)An Ríocht Aontaithe (1)
1912VStócólm (1)An tSualainn (1)
1916VIBeirlín (cealaithe, CCD)An Ghearmáin (cealaithe)
1920VIIAntwerpen (1)An Bheilg (1)
1924VIIIPáras (2)An Fhrainc (2)IChamonix (1)An Fhrainc (1)
1928IXAmstardam (1)An Ísiltír (1)IISt Moritz (1)An Eilvéis (1)
1932XLos Angeles (1)S.A.M. (2)IIILake Placid, Nua-Eabhrac (1)S.A.M. (1)
1936XIBeirlín (1)An Ghearmáin (1)IVGarmisch-Partenkirchen (1)An Ghearmáin (1)
1940XIIHeilsincí (cealaithe, DCD)An Fhionlainn (cealaithe)(V)Garmisch-Partenkirchen (cealaithe)An Ghearmáin (cealaithe)
1944XIIILondain (cealaithe, DCD)An Ríocht Aontaithe (cealaithe)(V)Cortina d'Ampezzo (cealaithe)An Iodáil (cealaithe)
1948XIVLondain (2)An Ríocht Aontaithe (2)VSt Moritz (2)An Eilvéis (2)
1952XVHeilsincí (1)An Fhionlainn (1)VIOsló (1)An Iorua (1)
1956XVIMelbourne (1) + Stócólm (2)(1)An Astráil (1) + An tSualainn (2)VIICortina d'Ampezzo (1)An Iodáil (1)
1960XVIIAn Róimh (1)An Iodáil (1)VIIISquaw Valley, California (1)S.A.M. (2)
1964XVIIITóiceo (1)An tSeapáin (1)IXInnsbruck (1)An Ostair (1)
1968XIXCathair Mheicsiceo (1)Meicsiceo (1)XGrenoble (1)An Fhrainc (2)
1972XXMünchen (1)An Ghearmáin (2)XISapporo (1)An tSeapáin (1)
1976XXIMontréal, Québec (1)Ceanada (1)XIIInnsbruck (2)An Ostair (2)
1980XXIIMoscó (1)An tAontas Sóivéadach (1)XIIILake Placid, Nua Eabhrac (2)S.A.M. (3)
1984XXIIILos Angeles, California (2)S.A.M. (3)XIVSairéavó (1)An Iúgslaiv (1)
1988XXIVSeoul (1)An Chóiré Theas (1)XVCalgary, Alberta (1)Ceanada (1)
1992XXVBarcelona (1)An Spáinn (1)XVIAlbertville (1)An Fhrainc (3)
1994XVIILillehammer (1)An Iorua (2)
1996XXVIAtlanta, Georgia (1)S.A.M. (4)
1998XVIIINagano (1)An tSeapáin (2)
2000XXVIISydney (1)An Astráil (2)
2002XIXCathair Salt Lake, Utah (1)S.A.M. (4)
2004XXVIIIAn Aithin (2)An Ghréig (2)
2006XXTorino (1)An Iodáil (2)
2008XXIXBéising (1)(2)Daon-Phoblacht na Síne (1)
2010XXIVancouver, Colóim Bhriotanach (1)Ceanada (2)
2012XXXLondain (3)An Ríocht Aontaithe (3)
2014XXIISochiCónaidhm na Rúise (1)
2016XXXIRio de JaneiroAn Bhrasaíl
2018XXIIPyeongchangAn Chóiré Theas (1)
2020XXXIITóiceoAn tSeapáin
2022XXIIIBéisingDaon-Phoblacht na Síne (1)
2024XXXIIIPáras (3)An Fhrainc (3)
2026XXV
2028XXXIVLos Angeles, California (3)S.A.M. (4)

Féach freisin

Tagairtí

Naisc sheachtracha

🔥 Top keywords: