Comórtas Amhránaíochta na hEoraifíse

Comórtas Amhránaíochta ins an Eorap


Is comórtas Eorpach bliantúil é Comórtas Amhránaíochta na hEoraifíse (nó Comórtas Amhrán Eoraifíse uaireanta; Béarla: Eurovision Song Contest, Fraincis: Concours Eurovision de la Chanson)[1] ina nglacann baill ghníomhacha Aontas Craolacháin na hEorpa (ACE) páirt.

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtComórtas Amhránaíochta na hEoraifíse
Íomhá
Cineálannual music competition (en) Aistrigh
saincheadúnas teilifíse Cuir in eagar ar Wikidata
Bailíocht1956 - 
Tréimhse1956 - 
Fad ama2 h agus 4 h Cuir in eagar ar Wikidata
Bunaithe arSanremo Music Festival (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Mór-roinnAn Eoraip, An Áise, An Aigéine agus an Afraic Cuir in eagar ar Wikidata
EagraíEuropean Broadcasting Union (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga an tsaothair nó an ainmBéarla agus an Fhraincis Cuir in eagar ar Wikidata
Seánrasinging competition (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Eile
Nation in the Eurovision Song Contest (en) Aistrigh
Eurovision Song Contest entry (en) Aistrigh
Eurovision Song Contest edition (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáineurovision.tv Cuir in eagar ar Wikidata
Haischlib#eurovision agus #ESC Cuir in eagar ar Wikidata
Facebook: EurovisionSongContest Twitter: eurovision Instagram: eurovision Youtube: UCRpjHHu8ivVWs73uxHlWwFA TikTok: eurovision Cuir in eagar ar Wikidata

Cuireann gach ballstát amhrán isteach chun a bheith curtha i láthair ar an teilifís beo agus ansin caitheann siad vótaí d'amhráin na dtíortha eile chun an t-amhrán is fearr sa chomórtas a bhaint amach. Glacann gach tír páirt trí cheann de na stáisiúin teilifíse atá ina mbaill den ACE. Tá sé mar thasc ag an stáisiún teilifíse sin amhrán agus amhránaí a roghnú chun páirt a ghlacadh sa chomórtas idirnáisiúnta.

Craoltar an Comórtas gach bliain ó bhliain a thionscnaimh (1956) agus is é an clár teilifíse is sinne agus fós ar siúl ar domhain. Breathnaíonn a lán daoine ar an teagmhas sin (is é an teagmhas is mó ar domhain seachas tionóil lúthchleas). Luaitear figiúirí don lucht féachana idir 100 milliún agus 600 milliún le blianta beaga anuas.[2][3] Craoltar an Eoraifís lasmuigh den Eoraip freisin, i dtíortha mar an Airgintín, an Astráil, Ceanada, an tSín, an Éigipt, an India, an tSeapáin, an Iordáin, Meicsiceo, an Nua-Shéalainn, an Téalainn, na hOileáin Fhilipíneacha, an Chóiré Theas agus Uragua cé nach nglacann siad páirt sa chomórtas.[4][5][6] Ón mbliain 2000, craoltar an comórtas ar an idirlíon.[7]

Bunús

Sna 1950idí, bhí an Eoraip ag athfhorbairt i ndiaidh an Dara Chogaidh Dhomhanda agus chuir Aontas Craolacháin na hEorpa (ACE), atá bunaithe san Eilvéis coiste ad hoc ar bun chun bealaigh nua a lorg chun tíortha na hEorpa a thabhairt le chéile trí chláir shiamsaíochta.[8] Ag cruinniú coiste a comóradh i Monacó i mí Eanáir 1955, choincheap Marcel Bezençon, ard-stiúrthóir teilifís na hEilvéise agus cathaoirleach coiste, idé an chomórtais amhránaíochta idirnáisiúnta, ina nglacfadh tíortha páirt i gclár teilifíse amháin a dtarchuirfeadh go comhuaineach do gach tír san aontas.[8][9] Bhí an comórtas bunaithe ar Fhéile Cheoil Sanremo ón Iodáil.[10] Chonacthas an comórtas mar thurgnamh teicneolaíocha i dteilifíseán beo mar, san am sin, tionscadal uaillmhianach a bhí ann roinnt tíortha a nascadh le chéile i ngréasán idirnáisiúnta mar sin. Ní raibh teilifís satailíte ann ag an am sin agus gréasán micreathoinne domhanda a bhí i gceist leis an nGréasán Eoraifíse mar a deirtear le.[11] Cheadaigh Comhthionól Ginearálta ACE an coincheap, dá ngaireadh "Eurovision Grand Prix" ag an am sin, i gcruinniú a comóradh sa Róimh an 19 Deireadh Fómhair 1955 agus beartaíodh go mbeadh an chéad chomórtas ar siúl i rith an earraigh sa bhliain 1956 in Lugano, an Eilvéis.[8] Baineadh George Campey, iriseoir Briotanach úsáid don chéad uair as an ainm "Eurovision" maidir le gréasán an ACE in London Evening Standard sa bhliain 1951.[9]

Bhí an chéad chomórtas ar siúl an 24 Bealtaine 1956 i mbaile Lugano, an Eilvéis. Ghlac seacht dtír páirt sa chomórtas-chuir gach tír dhá amhrán isteach sa chomórtas agus mar sin, bhí 14 amhrán san iomlán. B'é seo an t-aon chomórtas inar cheadaíodh níos mó ná amhrán amháin ó gach tír a cur i láthair: ón mbliain 1957, ní raibh ach amhrán amháin ceadaithe ó gach tír. Bhuaigh an Eilvéis, an tír aíochta, an chéad chomórtas sin.[12]

Tugadh "Eurovision Grand Prix" ar an gcomórtas ar dtús. Glacadh an t-ainm "Grand Prix" seo leis na tíortha Frainciseora agus tugadh "Le Grand-Prix Eurovision de la Chanson Européene" ar an gComórtas.[13] Ní úsáidtear "Grand Prix" a thuilleadh agus cuireadh "Concours" (comórtas) in ionad "Grand Prix" sna tíortha sin. Baintear úsáid as an nGréasán Eoraifíse chun cláir nuachta agus spóirt a chraoladh go hidirnáisiúnta, i measc teagmhas eile lena n-eagraítear leis an ACE.[14] In aigne an phobail, áfach, tá an t-ainm "Eurovision" i gcomhlachas go géar leis an gComórtas Amhránaíochta.[11]

Formáid

Tá formáid an chomórtais tar éis athrú trí na blianta, cé go mbíonn dearbhphrionsabail an chomórtais mar seo a leanas i gcónaí: cuireann na tíortha rannpháirteacha amhráin isteach sa chomórtas agus cuirtear na hamhráin seo i láthair le linn chlár teilifíse bheo a chraoltar go comhuaineach ar fud ghréasán na hEoraifíse do gach tír. Bíonn craoltóir teilifíse ina ionadaí do gach tír: de ghnáth is é sin eagraíocht craolta poiblí na tíre, ach níl sé sin an cás i gcónaí. Bíonn ceann de na tíortha rannpháirteacha ina n-óstach don chomórtas agus seoltar an tarchar ón hall sa chathair aíochta. I rith an chláir seo, agus tar éis gach amhrán a bheith curtha i láthair, leanann na tíortha ar aghaidh chun vótaí a chaitheamh d'amhráin na dtíortha eile: ní cheadaítear vóta a chaitheamh do do thír féin, áfach. Ag deireadh an chláir, fógraítear an buaiteoir - is é sin an tír leis an líon pointí is mó. Is é gradam an bhua mar dhuas an chomórtais ach de ghnáth bronntar trófaí ar scríbhneoirí an amhráin. Tugtar cuireadh don tír bua an comórtas a óstáil an bhliain dár gcionn.

De ghnáth, osclaíonn láithreoir amháin nó níos mó an clár, ag cur fáilte roimh lucht féachana an seó. Uaireannta, feictear gearrthóga físe den tír aíochta i rith an chláir. Idir na hamhráin agus fógairt na dtorthaí, cuirtear gníomh idirlinne i láthair. Cuimsíodh hidirlinnte sin gníomhartha mar The Wombles (1974) agus céad chur i láthair den seó Riverdance (1994).

Is é réamhdhréacht do Te Deum le Marc-Antoine Charpentier an ceol téama a seinntear roimh agus tar éis chraoltaí Chomórtas Amhránaíochta na hEoraifíse.

Tarlaíonn babhta ceannais de sheó Chomórtas Amhránaíochta na hEoraifíse de ghnáth i rith oíche Dé Sathairn, ag 19.00 UTC (20.00 BST, nó 21.00 CEST). Rognaítear Satharn amháin i mí na Bealtaine, ach tharla an comórtas ar Déardaoin cheana (1956) agus chomh luath mar mhí an Mhárta.

Ag vótáil

Is féidir le gach tír san Eoraip páirt a ghlacadh sa chomórtas. Canann siad i ngach teanga, ach go háirithe as Béarla, ach is féidir amhrán a chanadh as Gaeilge, Iodális, i Fraincis, srl.

Tíortha

Tíortha na hEoraifíse

Tá Baill ghníomhacha ACE incháilithe chun páirt a ghlacadh sa chomórtas. Is iad na Baill ghníomhacha ná na stáit a bhfuil laistigh de Cheantar Craolacháin na hEorpa, nó na stáit a bhfuil ina mbaill de Chomhairle na hEorpa. Tá Ceantar Craolacháin na hEorpa sainmhínithe ag an Aontas Teileachumarsáide Idirnáisiúnta mar:

The "European Broadcasting Area" is bounded on the west by the western boundary of Region 1, on the east by the meridian 40° East of Greenwich and on the south by the parallel 30° North so as to include the western part of the USSR, the northern part of Saudi Arabia and that part of those countries bordering the Mediterranean within these limits. In addition, Iraq, Jordan and that part of the territory of Turkey lying outside the above limits are included in the European Broadcasting Area.

Cuimsíonn baill ghníomhacha eagraíochtaí craolacháin le tarchur a bhfuil ar fáil do 98% de na teaghlaigh ina dtír ar a laghad.


Buaiteoirí

BliainDatáÓstachBuaiteoirCeolteor/íAmhránPointeImeallAn dara háit
195624 Bealtaine Lugano An EilvéisLys Assia"Refrain"Níl fhógartha
19573 Márta Frankfurt An ÍsiltírCorry Brokken"Net Als Toen"3114 An Fhrainc
195812 Márta Hilversum An FhraincAndré Claveau"Dors, Mon Amour"273 An Eilvéis
195911 Márta Cannes An ÍsiltírTeddy Scholten"Een Beetje"215 An Ríocht Aontaithe
196025 Márta Londain An FhraincJacqueline Boyer"Tom Pillibi"327 An Ríocht Aontaithe
196118 Márta Cannes LucsamburgJean-Claude Pascal"Nous Les Amoureux"316 An Ríocht Aontaithe
196218 Márta Lucsamburg An FhraincIsabelle Aubret"Un Premier Amour"2613 Monacó
196323 Márta Londain An DanmhairgGrethe & Jørgen Ingmann"Dansevise"422 An Eilvéis
196421 Márta Cóbanhávan An IodáilGigliola Cinquetti"Non ho l'età"4932 An Ríocht Aontaithe
196520 Márta Napoli LucsamburgFrance Gall"Poupée de cire, poupée de son"326 An Ríocht Aontaithe
19665 Márta Lucsamburg An OstairUdo Jürgens"Merci Chérie"3115 An tSualainn
19678 Aibreán Vín An Ríocht AontaitheSandie Shaw"Puppet on a String"4225 Éire
19686 Aibreán Londain An SpáinnMassiel"La La La"291 An Ríocht Aontaithe
196929 Márta Maidrid An SpáinnSalomé"Vivo Cantando"18Ceann ar bith
An Ríocht AontaitheLulu"Boom Bang-a-Bang"
An ÍsiltírLennie Kuhr"De Troubadour"
An FhraincFrida Boccara"Un Jour, Un Enfant"
197021 Márta Amstardam ÉireDana"All Kinds of Everything"326 An Ríocht Aontaithe
19713 Aibreán Baile Átha Cliath MonacóSéverine"Un Banc, Un Arbre, Une Rue"12812 An Spáinn
197225 Márta Dún Éideann LucsamburgVicky Leandros"Après Toi"12814 An Ríocht Aontaithe
19737 Aibreán Lucsamburg LucsamburgAnne-Marie David"Tu Te Reconnaîtras"1294 An Spáinn
19746 Aibreán Brighton An tSualainnABBA"Waterloo"246 An Iodáil
197522 Márta Stócólm An ÍsiltírTeach-In"Ding-A-Dong"15214 An Ríocht Aontaithe
19763 Aibreán An Háig An Ríocht AontaitheBrotherhood of Man"Save Your Kisses for Me"16417 An Fhrainc
19777 Bealtaine Londain An FhraincMarie Myriam"L'Oiseau Et L'Enfant"13615 An Ríocht Aontaithe
197822 Aibreán Páras IosraelIzhar Cohen & Alphabeta"A-Ba-Ni-Bi"15732 An Bheilg
197931 Márta Iarúsailéim IosraelGali Atari & Milk and Honey"Hallelujah"1259 An Spáinn
198019 Aibreán An Háig ÉireJohnny Logan"What's Another Year?"14315 An Ghearmáin
19814 Aibreán Baile Átha Cliath An Ríocht AontaitheBucks Fizz"Making Your Mind Up"1364 An Ghearmáin
198224 Aibreán Harrogate An GhearmáinNicole"Ein Bisschen Frieden"16161 Iosrael
198323 Aibreán München LucsamburgCorinne Hermès"Si La Vie Est Cadeau"1426 Iosrael
19845 Bealtaine Lucsamburg An tSualainnHerreys"Diggi-Loo Diggi-Ley"1458 Éire
19854 Bealtaine Göteborg An IoruaBobbysocks"La det swinge"12318 An Ghearmáin
19863 Bealtaine Bergen An BheilgSandra Kim"J'Aime La Vie"17631 An Eilvéis
19879 Bealtaine An Bhruiséil ÉireJohnny Logan"Hold Me Now"17231 An Ghearmáin
198830 Aibreán Baile Átha Cliath An EilvéisCeline Dion"Ne Partez Pas Sans Moi"1371 An Ríocht Aontaithe
19896 Bealtaine Lausanne An IúgslaivRiva"Rock Me"1377 An Ríocht Aontaithe
19905 Bealtaine Ságrab An IodáilToto Cutugno"Insieme: 1992"14917 Éire
An Fhrainc
19914 Bealtaine An Róimh An tSualainnCarola"Fångad av en stormvind"1460 An Fhrainc
19929 Bealtaine Malmö ÉireLinda Martin"Why Me"15516 An Ríocht Aontaithe
199315 Bealtaine Sráid an Mhuilinn ÉireNiamh Kavanagh"In Your Eyes"18723 An Ríocht Aontaithe
199430 Aibreán Baile Átha Cliath ÉirePaul Harrington & Charlie McGettigan"Rock 'n' Roll Kids"22660 An Pholainn
199513 Bealtaine Baile Átha Cliath An IoruaSecret Garden"Nocturne"14829 An Spáinn
199618 Bealtaine Osló ÉireEimear Quinn"The Voice"16248 An Iorua
19973 Bealtaine Baile Átha Cliath An Ríocht AontaitheKatrina and the Waves"Love Shine a Light"22770 Éire
19989 Bealtaine Birmingham IosraelDana International"Diva"1726 An Ríocht Aontaithe
199929 Bealtaine Iarúsailéim An tSualainnCharlotte Nilsson"Take Me to Your Heaven"16317 An Íoslainn
200013 Bealtaine Stócólm An DanmhairgOlsen Brothers"Fly on the Wings of Love"19540 An Rúis
200112 Bealtaine Cóbanhávan An EastóinTanel Padar, Dave Benton & 2XL"Everybody"19821 An Danmhairg
200225 Bealtaine Taillinn An LaitviaMarie N"I Wanna"17612 Málta
200324 Bealtaine Ríge An TuircSertab Erener"Everyway That I Can"1672 An Bheilg
200415 Bealtaine Iostanbúl An ÚcráinRuslana"Wild Dances"28017 An tSeirbia agus Montainéagró
200521 Bealtaine Cív An GhréigElena Paparizou"My Number One"23038 Málta
200620 Bealtaine An Aithin An FhionlainnLordi"Hard Rock Hallelujah"29244 An Rúis
200712 Bealtaine Heilsincí An tSeirbiaMarija Šerifović"Molitva"26833 An Úcráin
200824 Bealtaine Béalgrád An RúisDima Bilan"Believe"27242 An Úcráin
200916 Bealtaine Moscó An IoruaAlexander Rybak"Fairytale"387169 An Íoslainn
201029 Bealtaine Osló An GhearmáinLena Meyer-Landrut"Satellite"24676 An Tuirc
201114 Bealtaine Düsseldorf An AsarbaiseáinEldar & Nigar"Running Scared"22132 An Iodáil
201226 Bealtaine Baki An tSualainnLoreen"Euphoria"372113 An Rúis
201318 Bealtaine Malmö An DanmhairgEmmelie de Forest"Only Teardrops"28147 An Asarbaiseáin
201410 Bealtaine Cóbanhávan An OstairConchita Wurst"Rise Like a Phoenix"29052 An Ísiltír
201523 Bealtaine Vín An tSualainnMåns Zelmerlöw"Heroes"36562 An Rúis
201614 Bealtaine Stócólm An UcráinJamala"1944"53423 An Astráil
201720 Bealtaine Cív An PhortaingéilSalvador Sobral"Amar Pelos Dois"758143 An Bhulgáir
201812 Bealtaine Liospóin IosraelNetta"Toy"52993 An Chipir
201918 Bealtaine Tel Aviv An ÍsiltírDuncan Lawrence"Arcade"49227 An Iodáil
202122 Bealtaine Rotterdam An IodáilMåneskin"Zitti e buoni"52425 An Fhrainc
202214 Bealtaine Torino An UcráinKalush Orchestra"Stefania"631165 An Ríocht Aontaithe
202313 Bealtaine Learpholl An tSualainnLoreen"Tattoo"58357 An Fhionlainn

De Tír

Na buaiteoirí is coitianta
BuaiteoiríTírBliana
7 Éire1970, 1980, 1987, 1992, 1993, 1994, 1996
An tSualainn1974, 1984, 1991, 1999, 2012, 2015, 2023
5 An Fhrainc1958, 1960, 1962, 1969, 1977
Lucsamburg1961, 1965, 1972, 1973, 1983
An Ríocht Aontaithe1967, 1969, 1976, 1981, 1997
An Ísiltír1957, 1959, 1969, 1975, 2019
4 Iosrael1978, 1979, 1998, 2018
3 An Iorua1985, 1995, 2009
An Danmhairg1963, 2000, 2013
An Iodáil1964, 1990, 2021
An Úcráin2004, 2016, 2022
2 An Spáinn1968, 1969
An Eilvéis1956, 1988
An Ghearmáin1982, 2010
An Ostair1966, 2014
1 Monacó1971
An Bheilg1986
An Iúgslaiv1989
An Eastóin2001
An Laitvia2002
An Tuirc2003
An Ghréig2005
An Fhionlainn2006
An tSeirbia2007
An Rúis2008
An Asarbaiseáin2011
An Phortaingéil2017


Boinn

Tír IomlánBlianta
Éire741121970, 1980, 1987, 1992, 1993, 1994, 1996
An tSualainn716141974, 1984, 1991, 1999, 2012, 2015, 2023
An Ríocht Aontaithe5163241967, 1969, 1976, 1981, 1997
An Fhrainc557171958, 1960, 1962, 1969, 1977
An Ísiltír51171957, 1959, 1969, 1975, 2019
Lucsamburg50261961, 1965, 1972, 1973, 1983
Iosrael42281978, 1979, 1998, 2018
An Iodáil335111964, 1990, 2021
An Úcráin32162004, 2016, 2022
An Danmhairg31371963, 2000, 2013
An Iorua31151985, 1995, 2009
An Ghearmáin244101982, 2010
An Spáinn24281968, 1969
An Eilvéis23491956, 1988
An Ostair20131966, 2014
An Rúis14492008
An Bheilg12031986
Monacó11351971
An Tuirc11132003
An Asarbaiseáin11132011
An Fhionlainn11022006
An Ghréig10342005
An Laitvia10122002
An tSeirbia10122007
An Iúgoslaiv10011989
An Eastóin10012001
An Phortaingéil10012017
Málta0224
An Íoslainn0202
An Pholainn0101
An tSeirbia agus Montainéagró0101
An Astráil0101
An Bhulgáir0101
An Chipir0101
An Rómáin0022
An Bhoisnia-Heirseagaivéin0011
An Mholdóiv0011
align="center"

Éire

Is í Éire an tír is rathúla sa chomórtas go stairiúil. Tá sé buaite ag Éirinn seacht n-uaire. Seo a leanas na hamhránaithe agus na hamhráin a bhí i gceist:[15]

Tíortha sa chomórtas

Is iad na tíortha seo a leanas na tíortha a bhfuil tar éis páirt a ghlacadh sa chomórtas:

BliainTíortha
1956 An Bheilg, An Eilvéis An Fhrainc, An Ghearmáin, An Iodáil, An Ísiltír, Lucsamburg
1957 An Danmhairg, An Ostair, An Ríocht Aontaithe
1958 An tSualainn
1959 Monacó
1960 An Iorua
1961 An Fhionlainn, An Iúgslaiv, An Spáinn
1964 An Phortaingéil
1965 Éire
1971 Málta
1973 Iosrael
1974 An Ghréig
1975 An Tuirc
1980 Maracó
1981 An Chipir
1986 An Íoslainn
1993 An Bhoisnia-Heirseagaivéin, An Chróit, An tSlóivéin
1994 An Eastóin, An Liotuáin, An Pholainn, An Rómáin, An Rúis, An tSlóvaic, An Ungáir
1998 An Mhacadóin Thuaidh
2000 An Laitvia
2003 An Úcráin
2004 An Albáin , Andóra, An Bhealarúis, An tSeirbia agus Montainéagró
2005 An Bhulgáir, An Mholdóiv
2006 An Airméin
2007 Montainéagró, An tSeic, An tSeirbia, An tSeoirsia
2008 An Asarbaiseáin, San Mairíne
2015 An Astráil

Féach freisin

Tagairtí

Naisc Sheachtracha

🔥 Top keywords: