Germanwings Eitilt 9525
Maraíodh 150 duine san eachtra inar eitil Andreas Lubitz eitleán Airbus A320 isteach sna hAlpa ar an 24 Márta 2015. Bhí Lubitz ina phiolóta tánaisteach ar eitilt Germanwings..
| ||||
Cineál | timpiste aerárthach dúnmharú líonmhar suicide by pilot (en) | |||
---|---|---|---|---|
Dáta na bliana | 24 Márta 2015 | |||
Suíomh | Prads-Haute-Bléone, An Fhrainc | |||
Tír | an Fhrainc | |||
Líon básanna | 150 | |||
Líon gortaithe | 0 | |||
Líon na marthanóirí | 0 | |||
D'fhág Germanwings Eitilt 9525 (4U9525/GWI18G) Bharcelona, ar a bhealach go Düsseldorf. Tharla an tuairt eitleáin.[1] in oirdheisceart na Fraince. Stiúraigh an comhphíolóta, Andreas Lubitz (a bhí 27 bliain d’aois) d'aon turas an t-eitleán i dtreo sléibhte na nAlp, ag marú gach duine a bhí ar bord.[2]
Andreas Lubitz
Féinmharú a bhí i gceist. Ghlasáil Lubitz píolóta na heitilte amach as cró an phíolóta d'aon gnó (bhí sé sa leithreas).[3]
Sula bhfuair Andreas Lubitz a cheadúnas eitleoireachta, fuair an píolóta óg cóir leighis síciteiripe de bharr claonadh féinmharfach. Níor léirigh Lubitz aon rian d'iompar féinmharfach nó iompraíocht bhagarthach ó shin, a dúirt an t-ionchúiseamh.
Bhain an comhphíolóta Andreas Lubitz triail as eitleán a chur le fána ar eitilt eile as Düsseldorf go Barcelona níos tuaisce.[4]
Bhí cónaí ar Lubitz sa chathair Dusseldorf.[5]
Básanna
Maraíodh 144 paisinéir agus seisear criú a bhí ar an eitleán Airbus A320. B'as an Ghearmáin agus an Spáinn formhór na ndaoine a maraíodh.Ní raibh tionóisc a thug bás daoine ag Lufthansa le fiche bliain; ní raibh a leithéid ag Germanwings riamh roimhe seo.[6]
Féach freisin
- China Eastern Airlines Eitilt 5735
- EgyptAir Eitilt 990
Naisc Sheachtracha
- Tuairisc, Bureau d'Enquêtes et d'Analyses pour la Sécurité de l'Aviation Civile
- Suíomh Germanwings Curtha i gcartlann 2010-11-10 ar an Wayback Machine